Beo! (freagraí ar: Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta) http://www.beo.ie/alt-padraic-o-conaire-rogha-scealta.aspx#comments Ón mhí seo ar aghaidh, cuirfear an léirmheas is fearr a scríobhadh sa mhí roimhe sin faoi Leabhar na Míosa ar ClubLeabhar.com i gcló in Beo!. Is í Sinéad Nic an Bháird an té a scríobh an léirmheas is fearr ar leabhar mhí an Aibreáin, *Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta*. ga Cóipcheart Oideas Gael. Fri, 29 Aug 2014 14:36:39 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ William Kehoe http://www.beo.ie/alt-padraic-o-conaire-rogha-scealta.aspx#comments Bhí cóip de M'asal beag dubh agam sa bhaile ós na ciantaibh. Ní raibh coinne agam gur leis mo dheirfiúr é go dtí gur oscail mé é le déanaí agus fuair mé amach go raibh se ploduithe le nótai ó aimsir a laetheannta scoile. Cailín álainn, cúl-ómra, do'shaolta a b'eadh mo dheirfiúr a d'éag sa bhliain 1945 de bharr fáthmheas ón doctúir. Is leabhar an-luachmhar liom anois é Támse ag treabhadh tríd ag an noiméad ag iarraidh feabhas a cur ar mo chuid Gaeilge. D'éríos beagánín caidéiseachs ar ÓConaireó. Cén sót duine é a thréig a bhean agus a clan I Lonndain cun dul I gcónaí I gcoilér gan car gan compánach aige seachas na h-ainmhithe beaga a bhí sa gcoiléir. Chuas go dtí an idirlíon. Clis orm freagra a fháilach tháinig mé treasna an píosa seo a scríobh Sinéad agus bhaineas an-thaithneamh as. Tá scéal eile agam mar gheall ar "M'asal beag dubh". Ins na seascaidí bhí aonach idirnaisiúta I Nua Eabhrach agus bhíothanna ann ag na tíortha éagsúla a bhí párteach. Bhí both Eireannach ann agus bhí rudaí éagsúla á theaspáint ins an mboth sin. I measc na rudaí sin bhí cóip de "M'asal beag" . Tá aithne agam ar duine des na státseirbhísig a bhí ag obair ins an mboth. Thánig scata cailíní scoile isteach lá amhán. Thug duine acu "M'asal beag" in a lámha agus d'fhiafraig sí dem' chara "Cad is brí le sin?" Tharraing mo chara a anal agus dubhairt sé "My little black ass!" Tháinig cuma do-chreidthe ar agaidh an cailín agus thosnuig sí ag gáire. "Oh yeah?" ar sise.<br /> Fri, 29 Aug 2014 14:36:39 GMT