Beo! (freagraí ar: Éire Inc. agus Éire Ghaelach) http://www.beo.ie/alt-eire-inc-agus-eire-ghaelach.aspx#comments Chonaic muid mír sna meáin ar an mhéid a dúirt an Dr. Fionnbarra Ó Brolcháin, geilleagraí agus iarollamh ollscoile, ar na mallaibh. Mhaigh sé gur chóir infheistiú i ngnóthaí cultúir, macasamhail An Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste. Bhíog mé, mar is dóigh liom gur siosmaideach an dearcadh é sin i ré a mbítear ag moladh luí le teicneolaíocht in éineacht le droim láimhe a thabhairt do ‘chultúr’, amhail is a rá nár theagmhaigh cultúr agus an teicneolaíocht lena chéile sa saol riamh roimhe seo. An té a shamhlóidh ‘cultúr’ ar an dóigh chúng le teanga, le hamhránaíocht nó le ceoldrámaíocht, agus a dhealóidh an coincheap ‘cultúr’ le teicneolaíocht, le córas airgeadais nó le ríomhaireacht, is mithid dó a choincheap a athmheas. ga Cóipcheart Oideas Gael. Sat, 20 Apr 2024 08:15:54 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/