tabhair freagratabhair freagra #1 Micil 6 Meán Fómhair 2014, 08:55 GMT
Nach suimiúil an seasamh a bí ag an Eaglais?
Ach ní haon iontas é. Nach bhfuil ceantair ghaeltachta ann fós nach bhfuil Gaeilge a bith ag an sagart ann?
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 7 Meán Fómhair 2014, 15:18 GMT
Meas áirithe? Bhal, b'fhéidir gur leor é sin!
tabhair freagratabhair freagra #3 Páid Ó Donnchú 15 Meán Fómhair 2014, 22:57 GMT
Tá an tréimhse seo cinniúnach i stair na tíre. Sílim go bhfuil léamh Mansergh anois á ghlacadh go forleathan - go raibh críochdheighilt dosheachanta ó 1911 ar aghaidh.
Ní mar gheall ar laigí de Valera, nó biogóideacht i measc na Protastúnaigh (cé go raibh sé sin ann) ach mar gheall gur tharla sé go raibh daoine ó dhá náisiún éagsúla in bhur gconaí ar an oileán - agus difríochtaí móra eatarthu ó thaobh reiligiún, cleachtais oibre, nósanna pobal agus (dá bharr obair Chonradh na Gaeilge) teanga. Dá mba rud é nach raibh Caitliceachas chomh láidir sin, seans nach mbeadh cúrsaí teanga ina cnámh spairne.
Ach, faraor, ní hé sin a bhí i ndán dúinn. Tháinig Home Rule agus Rome Rule, agus theip orainn Stát Ghaelach a bhunú gá trácht ar bhuanú, cé gur chuir muid cupla scór bliana le saol na Gaeltachtaí.
Ach maidir le 1916, níl aon chúis cheiliúradh i mo thuairimse. Níor éirigh linn.
tabhair freagratabhair freagra #4 Parthalán 17 Meán Fómhair 2014, 12:15 GMT
Nach é de hÍde a' chórthaí dhuit meas a bheith agat air, óir sin é a bhuaigh ar Dillon lena dheismireacht chainte agus lena dhiongbháilteacht. Ráite go raibh Dillon ainmnithe as na buanna céanna a bheith aige. Meon an impiriúlaigh a bhí ag Redmond 'wherever the frontline extends' (ceann Shasana dar ndó') agus thug sé tacaíocht d'Impireacht Shasana chun na mílte a sheoladh amach chun a mbáis i gCogadh leithleach Impiriúlach a bhí thar a bheith fuilteach, barbartha agus tubaisteach. Theastaigh uaidh an coinscríobh a chur i bhfeidhm in Éirinn fiú, rud a chuir deireadh lena shaol polaitiúil. Ach bhí le aige leis an dteanga, deir tú. Caithfead dul ag taighde feasa ...tuilleadh!
tabhair freagratabhair freagra #5 peadar 19 Meán Fómhair 2014, 23:18 GMT
Tá mé tuirseach den frith shasanachas is an caint sean aimseartha faoi'n impiriúlachas. Bhí an ceart ag Redmond lena hóráid Woodenbridge ar 20 Meanfómhar 1914 tar éis brúidiúlacht na nGearmánach san Bheilg.
tabhair freagratabhair freagra #6 Fearn 20 Meán Fómhair 2014, 17:57 GMT
"Woodenbridge ar 20 Meanfómhar 1914"? Ag a hocht a'chloig, a b'ea? Ó mo dheatach, Chaill mé é. Bhí ceacht Karate agam, Cad a dúirt sé?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!