tabhair freagratabhair freagra #1 aonghus 4 Iúil 2014, 13:21 GMT
> Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo
Nach bhfuil sin cineál saonta? Caithfear siamsaíocht a íoc; agus gan obair níl tuarastal. Bréagnaíonn an stair an idé go saorann teicneolaíochtaí nua daoine ó dhaoirse; a mhalairt atá ag tarlú, agus tá an rachmas ón dteicneolaíocht is lámha níos lú ⁊ níos lú daoine. (Ní ar an dteicneolaíocht an locht as sin, dar ndóigh, ach ar an gcóras caipitleachas)
tabhair freagratabhair freagra #2 Roseanne 9 Iúil 2014, 07:09 GMT
Saonta nó aislingeach b'fhéidir? ;-) Ní hé go raibh mé ag rá nach mbeadh ar aon duine obair ach nach mbeadh *dualgas oibre* ar aon duine nach raibh á iarraidh. Ní fiú mórán gan iarracht agus is léir sin go minic go háirithe i réimse na teicneolaíochta. Féach mar shampla an trioblóid atá an úáid frithchuimilt ag crúthú le déanaí.
tabhair freagratabhair freagra #3 April 11 Iúil 2014, 13:58 GMT
Foghlaimím ceachtanna an-tábhachtacha as an obair a dhéanaim agus as gach post a bhí agam ó bhí mé i mo chailín óg. Is rud maith é an trádáil agus an brabús a bhfuiltear in ann saothrú as, fiú mura bhfuil agat ach do chuid ama a thradáil le duine éigin eile.

Spreagann an obair muid chun muid féin a fheabhsú. Spreagann sí na tréithe is fearr ionann.

Is deacair domsa an saol atá uait a shamhlú..Taobh amuigh de thrácht cothom eadrainn chun brabús a dhéanamh le maireachtáil a bhaint amach , níl ann ach bréag agus bata nuair atá muid ag déileáil lena chéile.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!