tabhair freagratabhair freagra #1 Seán Míchaél Ó Donnchadha. 7 Iúil 2014, 11:31 GMT
Sop in áit na scuaibe mar is gnáth ag an Rialtas seo do Ghaeilge.Níos mó suime acu ina chuid postanna féin agus postanna móra sa Aontas Eorapach .
tabhair freagratabhair freagra #2 Seán Míchaél Ó Donnchadha. 7 Iúil 2014, 11:31 GMT
Sop in áit na scuaibe mar is gnáth ag an Rialtas seo don Ghaeilge.Níos mó suime acu ina chuid postanna féin agus postanna móra sa Aontas Eorapach .
tabhair freagratabhair freagra #3 PÓC 8 Iúil 2014, 21:16 GMT
Slán le Seán.....agus an Ghaeltacht ar an dé deiridh. Cén toradh ar Dearg le Fearg agus naimhdeas i leith na Gaeilge mar dhlúthchuid den status quo.
tabhair freagratabhair freagra #4 Seán ó g 18 Iúil 2014, 14:37 GMT
Tá sé soiléir nach bhfuil Aire na Gaeltachta I measc na bpostanna atá curtha ar leataobh do key bilinguals
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 18 Iúil 2014, 17:25 GMT
Ní léir go bhfuil aon réasúnaíocht teang-eolaíochta ná practiciúlacht teanga ag baint le polasaithe rialtais ach "beart folamh ar mhaithe le beart" mar is nós don Státsheirbhís, nuair nach mian lei gníomhú. Ach buíochas le Dia tá lucht na Gaeilge i bpáirt leis an ghalamaisíocht seo trína luí faoi agus gan aon dua a chuir orthu fhéin a míshocracht a chur in iúl go minic is go fairsing.
Más deis a dhéanann deis, seo fáillí a dhéanann fáillí. An fimínteacht go deo!
tabhair freagratabhair freagra #6 Darren J. Prior 26 Iúil 2014, 04:51 GMT
Lasmuigh de oifigeachaí preas i ngach rannóg preas sna Roinne agus roinnt oifigeachaí le Gaeilge nua sa Roinn Oideachais (agus bfhéidir oifigeachaí Gaeilge eile lonnaithe sa Ghaeltacht?) is an, an-annamh an uair a bheas éileamh suntasach do seirbhísí trí Ghaeilge thar beagnach tromlach na Roinne agus na heagraíochtaí Stáit. Mar sin ní fheicimse an ciall chun a bheith ag caint faoi seo. Cinnte má tá easpa oifigeachaí le Ghaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht ní maith liom é sin- ach tá suas daoibhse a bhfuil ina cónaí sa Ghaeltacht chun tuairiscíocht mhaith a dhéanamh do sin. Níl éileamh suntasach do seirbhísí Gaeilge in Éirinn lasmuigh de Roinn na Gaeltachta agus Oideachais agus na comhairlí le Gaeltachtaí iontu. Tá meon go hiomlán difriúil agam agus sílim ag beagnach chách dúinn gan a bheith sa contaetha áirithe sin.
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 27 Iúil 2014, 13:16 GMT
Buaileann seo amach ar a léigh mé riamh ar an suíomh seo, a Dharren, agus is beag buaiteoir Nobel i measc lucht scríte teachtiareachtaí anseo.

Is beag Státsheirbhíseach atá sa Ghaeltacht.

Tá formhór lucht na Gaeilge ina gcónaí lasuigh den Ghaeltacht.

Tá formhór lucht na Gaeltachta ina gcónaí lasuigh den Ghaeltacht.

Is dual do Rialtas gníomhú de réir bunrachta .i. gníomhú sa teangacha oifigiúla; mar thús ar "éileamh", suntasach nó gan a bheith suntasach; cé go mholfainn éileamh.

I mo leith fhéin, éilím gach seirbhís rialtais sa Ghaeilge: m.h cánacha a íoc, pas a iarraidh agus a athnuachan, 7rl

> Lasmuigh de oifigeachaí preas i ngach rannóg preas sna Roinne agus roinnt
> oifigeachaí le Gaeilge nua sa Roinn Oideachais (agus bfhéidir oifigeachaí
> Gaeilge eile lonnaithe sa Ghaeltacht?) is an, an-annamh an uair a bheas
> éileamh suntasach do seirbhísí trí Ghaeilge thar beagnach tromlach na
> Roinne agus na heagraíochtaí Stáit. Mar sin ní fheicimse an ciall chun a
> bheith ag caint faoi seo. Cinnte má tá easpa oifigeachaí le Ghaeilge
> lonnaithe sa Ghaeltacht ní maith liom é sin- ach tá suas daoibhse a bhfuil
> ina cónaí sa Ghaeltacht chun tuairiscíocht mhaith a dhéanamh do sin. Níl
> éileamh suntasach do seirbhísí Gaeilge in Éirinn lasmuigh de Roinn na
> Gaeltachta agus Oideachais agus na comhairlí le Gaeltachtaí iontu. Tá meon
> go hiomlán difriúil agam agus sílim ag beagnach chách dúinn gan a bheith
> sa contaetha áirithe sin.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!