tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 3 Aibreán 2014, 13:07 GMT
Alt fíor deascríofa, a Bhearnaí.
Ní gan fáth a thugtar "sorcas na meán" ar a leithéid.
"Éagóir" a dhéanamh ar bhean óg geal ag eachtranaigh. Seo bronntanas do "lucht nuachta". Imríonn siad ar an mothúcháin le crúsáid a chur ar bun le go "sábhálfí" an "fulaingí". Ceannaítear nauchtán agus déantar cláracha raidio, teilifíse, agus idirlín. Sásamh oibre do lucht nauchta agus pócaí níos tinne ag a gceannairí.
tabhair freagratabhair freagra #2 Bearnaí 7 Aibreán 2014, 07:44 GMT
Mora duit, a Fhirn. Is sorcas é gan amhras. Aisteach le rá, bhagair údaráis na hIndinéise go gcuirfí Corby ar ais sa phríosún dá dtabharfadh sí agallamh do na meáin agus chaill na meáin suim sa scéal láithreach. Ach tá an bhean í féin fós mar phríosúnaí i dteach a dheirféar.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 7 Aibreán 2014, 15:42 GMT
> Mora duit, a Fhirn. Is sorcas é gan amhras. Aisteach le rá, bhagair
> údaráis na hIndinéise go gcuirfí Corby ar ais sa phríosún dá dtabharfadh
> sí agallamh do na meáin agus chaill na meáin suim sa scéal láithreach. Ach
> tá an bhean í féin fós mar phríosúnaí i dteach a dheirféar.

GRMA a Bhearnaí as an bharr nuachta. Is dóigh go raibh coinníollacha ag gabháil lena scaoileadh roimh am, agus go raibh sí á mbriseadh.

Ach, tar éis an tsaoil, tá sorcas nua ann, sorcas an eitleáin Mhalaesigh, Téann sorcais i bhfuaire, is léir,
tabhair freagratabhair freagra #4 Bearnaí 8 Aibreán 2014, 02:18 GMT
Tá an scéal “te” arís. Bhí agallamh le bean a bhí i gcarcair le Corby ar an teilifís aréir agus maíonn sise gur admháil Corby go raibh taithí fada aici ag smuigleáil drugaí go Bali. An mbeidh faoiseamh go deo ag Corby ón sorcas?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!