tabhair freagratabhair freagra #1 Bearnaí 11 Feabhra 2014, 00:56 GMT
D'fhógair Toyota ar 11 Feabhra go gcuirfear deireadh lena dtáirgeadh san Astráil faoin mbliain 2017. Sin deireadh le táirgeadh gluaisteán abhus agus na mílte dífhostaithe dá bharr.
tabhair freagratabhair freagra #2 Eoin Ó Loingsigh 11 Feabhra 2014, 09:54 GMT
Sin spúnóg i mbéal duine eile dá mbeadh ciall agus cnap airgid ag duine éicint nó ag dream daoine thall. Meabhraíonn sé an carr Costin dom in Éirinn. Ceannaíonn daoine gar do bhaile má fhaigheann siad an deis. Níl margadh sách mór in Éirinn do ghnó mar sin ach bheadh an Astráil.
tabhair freagratabhair freagra #3 Eoin Ó Loingsigh 11 Feabhra 2014, 10:11 GMT
tabhair freagratabhair freagra #4 Bearnaí 11 Feabhra 2014, 21:20 GMT
Caithfear a rá, a Eoin, nár chuala mé trácht ar an Costin riamh. Is féidir go mbeidh gluaisteáin níos saoire san Astráil as seo amach de bharr nach mbeidh ar an rialtas cáin a ghearradh ar ghluaisteáin ag teacht isteach chun an tionscal áitiúil a chosaint. Ach an bhfuil gluaisteáin sa bhreis ag teastáil?
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 14 Feabhra 2014, 10:56 GMT
Scéal na mbarainneachtaí é, a Bhearnaí. Téann déantúsaíocht chuig na háiteanna is lú costas muan bhfuil buntaiste eile aige amhair mar a scríobh tú i leith na Gearmáine.

Maith thú, Eoin, níor chuala mé mar gheall ar Chostin, ach Ford i gCorcaigh (?) agus de Lorien i mBéal Feirste.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!