tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 14 Feabhra 2014, 11:07 GMT
Is maith gur chanadh an Beirneach i nGaeilge. Aon seans go raibh an phlaic seo i mBéarla?
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 14 Feabhra 2014, 12:50 GMT
Ó mo chreach is mo léin!

Is maith gur chan an Beirneach i nGaeilge. Aon seans go raibh an phlaic seo i mBéarla?
tabhair freagratabhair freagra #3 Eoin Ó Loingsigh 16 Feabhra 2014, 01:15 GMT
Mhéadaigh mé an scáileán anseo agus sílim go bhfuil an ceart agat. Má tá bus ar an mbealach abhaile i ndiaidh na siúlóide móire, thiocfadh leo corr bealaigh a chur orthu féin leis an scríbhneoireacht a 'chóiriú'.
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 16 Feabhra 2014, 13:59 GMT
> Mhéadaigh mé an scáileán anseo agus sílim go bhfuil an ceart agat. Má tá
> bus ar an mbealach abhaile i ndiaidh na siúlóide móire, thiocfadh leo corr
> bealaigh a chur orthu féin leis an scríbhneoireacht a 'chóiriú'.

Sin a shíl mé, a Eoin. Agus má tá "cóiriú" le brath, tá plaic in "onóir" Chathail Bhuí Mhic Ghiolla Ghunna i seanreilig sé nó seacht gciliméadar ó reilig Phádraig, áit a bhfuil sé curtha de réir seanchais, agus, meas tú, cad é a theanga?
Ceart agat! Béarla! Lá mór na Gaeilge, mar dh'ea!
tabhair freagratabhair freagra #5 Eoin Ó Loingsigh 20 Feabhra 2014, 00:34 GMT
Ú ú. Ní maith liom sin a fheiceáilt. Tchím. Is é an rud atá ag tarlú mar sin, tá muintir an Bhéarla ag satailt isteach ar thailte na Gaeilge. Ag Béarlú na marbh, dream na Gaeilge atá ar shlí na fírinne atá siad. Cineál d'iompar Mormonach atá ann, ag éileamh anamnacha na marbh dá dteanga féin. Mórfar iad as a gcumas ceoil agus a gcumas ceapadóireachta i mBéarla. Ar an iompar céanna áirím 'The Irish Chieftain i dtuaisceart Ros Comáin, gar do Mhainistir na Búille, a chroch dream údaráis bhóithre na hÉireann. Léiríonn an leac lán-Bhéarla gurb iad na Sasanaigh a bhain an cogadh (go fiú má bhain na Gaeil an cath áirithe sin).
tabhair freagratabhair freagra #6 Fearn 20 Feabhra 2014, 10:49 GMT
> Ú ú. Ní maith liom sin a fheiceáilt. Tchím. Is é an rud atá ag tarlú mar
> sin, tá muintir an Bhéarla ag satailt isteach ar thailte na Gaeilge. Ag
> Béarlú na marbh, dream na Gaeilge atá ar shlí na fírinne atá siad. Cineál
> d'iompar Mormonach atá ann, ag éileamh anamnacha na marbh dá dteanga féin.
> Mórfar iad as a gcumas ceoil agus a gcumas ceapadóireachta i mBéarla. Ar
> an iompar céanna áirím 'The Irish Chieftain i dtuaisceart Ros Comáin, gar
> do Mhainistir na Búille, a chroch dream údaráis bhóithre na hÉireann.
> Léiríonn an leac lán-Bhéarla gurb iad na Sasanaigh a bhain an cogadh (go
> fiú má bhain na Gaeil an cath áirithe sin).

Sin agat é. Mealltar na turasóirí, an dtuigeann tú? Óch!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!