tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 7 Nollaig 2013, 15:24 GMT
peiliríneacht? An Tuircis é seo?

Anois go bhfuil Éire frith-Chríostaí, is maith go bhfuil scéalta seach-Chríostaí fós ag dul.

Mainistir Sheireapúin?
Chuala mé go raibh a thaisí i dteach an phobail, sráid Andier, i mBÁC. (?)
tabhair freagratabhair freagra #2 Brian Ó Ruairc 8 Nollaig 2013, 21:52 GMT
B'fhéidir gur Tuircis é, ach is é mo bharúil gur Rúisis atá sa 'pheiliríneacht' a Fhirn. Chuaigh mé chuig aistriúchán Gúgail agus ar 'oilithreacht' an Bhéarla, fuair mé паломничество, má tá aon lámh agat sa traslitriú. Níl an aibítir sin agam, ach is chiút bastaird mé ☺ ag an am céanna agus chuaigh mé chuig lexilogos.com ansin. Fuair mé ‘palomničestvo' ansiúd, rud atá gar go leor don peilirín-. Is dócha go bhfuil an foirceann –ičestvo gar don deireadh ainmfhocail againn féin, -eacht.
tabhair freagratabhair freagra #3 Brian Ó Ruairc 8 Nollaig 2013, 21:53 GMT
B'fhéidir gur Valentine an té atá ag muintir Sr. Andier a Fhirn.
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 9 Nollaig 2013, 00:25 GMT
> B'fhéidir gur Tuircis é, ach is é mo bharúil gur Rúisis atá sa
> 'pheiliríneacht' a Fhirn. Chuaigh mé chuig aistriúchán Gúgail agus ar
> 'oilithreacht' an Bhéarla, fuair mé паломничество, má tá aon lámh agat sa
> traslitriú. Níl an aibítir sin agam, ach is chiút bastaird mé ☺ ag an am
> céanna agus chuaigh mé chuig lexilogos.com ansin. Fuair mé ‘palomničestvo'
> ansiúd, rud atá gar go leor don peilirín-. Is dócha go bhfuil an foirceann
> –ičestvo gar don deireadh ainmfhocail againn féin, -eacht.

Tá lorg "pèlerinage" na Fraincise ar an fhocal ceart go leor!
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 9 Nollaig 2013, 00:26 GMT
> B'fhéidir gur Valentine an té atá ag muintir Sr. Andier a Fhirn.

B'fhéidir é.
tabhair freagratabhair freagra #6 Máire de Treo 10 Nollaig 2013, 19:43 GMT
Alt an súimiúl.
An cur síos ar an ealaíon. Go leor taighde déanta agus tar éis an alt a léamh bhi in-dán an áit a shamhlú dom féin.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!