tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 12 Nollaig 2013, 15:11 GMT
Dea-alt fíor-suas chun dáta agat,a Bhearnaí.

Agus tháinig an tuar faoin tairngreacht; chuala mé go bhfuil na póstaí a fhearadh faoin Acht seo curtha ar ceal.
tabhair freagratabhair freagra #2 Seán Ó Raghallaigh 13 Nollaig 2013, 17:47 GMT
Is é aidhm an phósta ná páistí a ghiniúint agus a oiliúint. Ní féidir beirt fhear ná beirt bhan páistí a ghiniúint ar an gcéad dul síos.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 15 Nollaig 2013, 14:35 GMT
> Is é aidhm an phósta ná páistí a ghiniúint agus a oiliúint.

B'fhéidir go bhfuil a mhalairt de thuairim ag na daoine a phósann!
tabhair freagratabhair freagra #4 Bearnaí 16 Nollaig 2013, 01:19 GMT
Ar an drochuair, tá an ceart agat, a Fhirn. Rialaigh an Ard-Chúirt nach bhfuil an t-acht dleathach agus nach bhfuil na 47 pósadh comhghnéis a tharla in Canberra bailí dá bharr. Tá páistí ag cuid de na lánúineacha seo a phós. Tiocfaidh a lá, is dóigh liom.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 16 Nollaig 2013, 15:30 GMT
> Tiocfaidh a lá, is dóigh liom.

Is dóigh liomsa fosta, a Bhearnaí. Ní hionann cad is pósadh ann do gach duine, ach is dócha go bhfuil cearta agus cosaint dlithiúil de dhíth ag gach duine, cuma cad é an ghnéasúlacht atá acu.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!