tabhair freagratabhair freagra #1 Donncha 6 Nollaig 2013, 09:27 GMT
Tá an chuid is mó de Ghaeltacht Mhaigheo chomh bréagach leis na eastáit tithíochta ar imeall Chathair na Gaillimhe, atá sa Ghaeltacht oifigiúil. Níos túisce i mbliana nuair a leagas an slat tomhais a bhí molta ag an Staidéar Cuimsitheach ar an 22 toghcheantair nó chuid de thoghcheantair atá aitheanta mar ceantair oifigiúla Gaeltachta, ní raibh ach an 4 chinn acu a shásódh na bunchritéir teangeolaíochta a moladh a usáid le catagóiriú a dhéanamh ar cheantair Ghaeltachta, sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta (2007): Baile an Chalaidh agus Abhainn Bhrain i nDeisceart an Chontae (thart ar Fionnaithe agus Coill a' tSiáin); Cnoc an Daimh (Ceathrú Thaidhg) san Iarthuaisceart agus An Geata Mór Theas (Eachléim). Ceathrú Thaidhg (catagóir B) is láidre agus is ceart cosaint cheart a thabhairt don teanga ann: deontas tithíochta a chur ar bun ann le daoine le Ghaeilge ó dhúchas a mhealladh le cur futhu ann, mar shampla. Tá daonra réasúnta (900+) thart ar an Eachléim agus d'fhéadfaí an teanga a neartú ansin, ach tacaíocht speisialta a thabhairt dona scoileanna sa gceantar agus do thuismitheoirí a bheadh sásta Gaeilge a labhairt lena gcuid gasúir. Tá buntáiste ag Fionnaithe/​Coill an tSiáin ó dheas, mar go bhfuil sé buailte ar Dhúiche Sheoighe i nGaeltacht na Gaillimhe, ach bheadh tacaíocht ag teastáil óna scoileanna ansin chomh maith. Is ar an cheithre póca sin ar cheart an pleanáil teanga a dhíriú agus díscríobh a dhéanamh ar an gcuid eile de Ghaeltacht oifigiúil Mhaigheo. Ar an gcaoi sin, b'fhéidir go mbeadh seans éicint ann go bhféadfaí canúint álainn Mhaigheo a shábhailt mar theanga bheo dona glúnta atá le tíocht.
tabhair freagratabhair freagra #2 Donncha 6 Nollaig 2013, 09:32 GMT
Ceithre toghcheantair atá ann ach trí phóca, ní ceithre cinn mar a dúras.
tabhair freagratabhair freagra #3 Am bodach 8 Nollaig 2013, 11:29 GMT
Nach iontach gur éirigh leis na pobail bheaga scaipthe sin an ghaeilg a choinneail go dti an la ata inniu ann agus go bhfuil cheithre chanuint beo fos sa chondae. Is é an trua nár éirigh le hachan chontae ar fud na tire an rud ceanna a dheanamh. Misneach seachas éadochas a theastaionn sna pobail sin anois. Bimís buíoch dóibh agus seasaimis leo.
tabhair freagratabhair freagra #4 Brian Ó Ruairc 8 Nollaig 2013, 21:23 GMT
Bealach is féidir le duine cuidiú le canúintí mar sin, is ea go luifeadh foghlaimeoir, mo dhála féin, le ceann acu. B'fhiú don fhoghlaimeoir canúint mar sin a uchtú agus cuairt a thabhairt ar an áit uair amháin sa mbliain sa gcaoi go dtuigfeadh muintir na háite nach bhfuil siad tréigthe ag an tír frí chéile ar fad. Teastóidh leabhar Mhic an Fhailghigh uait: http:/​/​books.dias.ie/​index.php?main_page=product_info&products_id=76 , nó leabhar an Bhúrcaigh: http:/​/​books.dias.ie/​index.php?main_page=product_info&products_id=73 nó arís ar ais, leabhar Gearóid Stockman: http:/​/​db.ria.ie/​fng/​bibleag/​bibliography_list.asp?pagesize=500
tabhair freagratabhair freagra #5 Eamonn Mac an Mhileadh 1 Eanáir 2014, 01:38 GMT
> Ceithre toghcheantair atá ann ach trí phóca, ní ceithre cinn mar a dúras.
tabhair freagratabhair freagra #6 Daz 2 Meán Fómhair 2014, 12:41 GMT
Séard atá ag teastáil ná daoine as tuaisceart Chonnachta a thoisú ag foghlaim canúintí s'acu fhéin aríst agus béim acadúil ar an teangaidh aríst. Chun an fhíreanne a ráit (agus tá a fhios agam gur ní ba cheart!) ach maraionn se mo chlaigeann agus mo chroí nuair a mhoitímse daoine as Maigh Eo agus Tuaisceart Chonnachta (Mic Léinn don cuid is mó) ag toisú le na 'conas atá tú's' agus na 'acubs'! Séard an bhealach amháin go dtig léithe a maireachtáil ná i mbéal an gcéad glúin eile agus ag foghalim í, ach, ag a bpointe seo, nil aon áird ná mheas uirthi. Tá pobal bhreá ann, gan aon cúnamh, gan aon áird, agus ní chuidíonn sé leofa a chluinsin daoine ó taobh amuigh ag caitheamh anuas uirthi gan a bheith ag tabhairt aon moltaí dearfacha.
tabhair freagratabhair freagra #7 Deasún ÓSeanáin 4 Meán Fómhair 2014, 13:02 GMT
Is as Achadh mór mé ó dhuchas ach chuaigh mé go Sasana nuair a bhí mé seacht mbliana d'aois.
An bhfuil cúrsa gaeilge Mhaigh eo le fáil dom, b'fhéidir sa samhradh?
tabhair freagratabhair freagra #8 Daz 22 Deireadh Fómhair 2014, 14:13 GMT
A Dheasúin, má tá fonn ort foghlaim teangaidh do mhuintir tá cupla bhealaí ann. Thiocfadh leat goil i dteagmháil le comhar dhún chaocháin http:/​/​www.gaeltacht.eu/​inewsletter1.html tá sonraí teagmháila ansin dhuit. Tig leat achuile fhárinéise a fháil ó Treasa ansin. Bíonn siad ag réiteach rangannaí ansin ó am go chéilí agus bíonn siad ag déanamh láthantaí spraoiúile chomh maith. Más mian leat chomh maith, tig leat teachtaireacht a sheoladh chugamsa dazpatreg@yahoo.ie agus déanfaidh mé iarracht chun cuidiú leat níos mó más féidir.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!