« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #5 Gráinne Gillen 7 Samhain 2013, 18:38 GMT
Is mór is fiú a bheith in ann éisteacht leis an agallamh.
tabhair freagratabhair freagra #6 Pádraig 7 Samhain 2013, 19:22 GMT
Tair slán a Dhara agus nár laga Dia do mhisneach. Chaith sé go rabhais ana-chruinn 'ag bualadh na caide i gcoinne na binne' mar tá na bléitsí ollmhóra i ngiorracht scread asail duit agus ní fada go slogfaidís sin do chaid dá raghadh sí amú.
Níor thugais do chúl le cine, ach a mhalairt ghlan, ní taise dá lán eile, mo léan.
tabhair freagratabhair freagra #7 Johnny mac Gabhainn 10 Samhain 2013, 16:27 GMT
Tá mé iontach sásta le seo.
Coinnigh libh muintir Beo!
tabhair freagratabhair freagra #8 Domhnall 11 Samhain 2013, 10:29 GMT
Tá fuaim le halt Dhiarmada Johnson chomh maith san eagrán seo agus le roinnt alt eile le cúpla eagrán anuas. (Mícheál Ó hAodha, Deireadh Fómhair srl. Brúigh ar 'Cartlann' taobh thuas ar dheis ar an gcéad lch.)
tabhair freagratabhair freagra #9 Tiarnán De Hál 12 Samhain 2013, 11:04 GMT
An-alt!!
tabhair freagratabhair freagra #10 Maoilsheachlainn 14 Samhain 2013, 15:23 GMT
Gushing agus plámásach
tabhair freagratabhair freagra #11 Maoilsheachlainn 14 Samhain 2013, 15:24 GMT
agus ní thuigim an leathiarracht fuaime atá déanta agaibh. Ar athraigh Dara a ghnéis? Canathaobh go bhfuil sé ag caint le glór baineann?
tabhair freagratabhair freagra #12 Ned an Cnoc 29 Samhain 2013, 20:56 GMT
Ba iontach a bheith duine ann ag leamh an alt - lean le seo arís má sé do thoil é.
tabhair freagratabhair freagra #13 Domhnall Ó Loingsigh 29 Samhain 2013, 21:11 GMT
Éinne a chuireann suím sa chaid bheadh sé/​sí sásta leis an agallamh so.Chomh maith le sin bhí Gaelainn na h-áite le tabhairt fé ndeara,rud ná ceadaítear in iris nó cearcalán Gaeilge.Mar shampla " dos" , "ana", " bhuamair"( in ionad bhuamar sa Chaighdeán) " Anuas ar san : an saibhreas Gaelainne mar shampla "bhí seans liom" ná fuil le cloisint ach i nGaeltachtaí na Mumhan- Múscraí san áireamh. Ard alt!
tabhair freagratabhair freagra #14 Seosamh 3 Nollaig 2013, 12:47 GMT
Thaitin an t-alt seo go mór liom. Ard-fhear is ea é Dara agus cuireann sé iontas nach beag orm nach ann dá chlár féinig ar RnaG le fada. Canathaobh sin éinne?
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!