tabhair freagratabhair freagra #1 Seanán Ó Coistín 7 Deireadh Fómhair 2013, 15:16 GMT
"Labhraím Gaeilge ar bhonn laethúil, bíonn comhráite fada teasaí idir mé féin agus mo chairde ar ghnóthaí Chumann Lúthchleas Gael, bíonn Liam Ó Maonlaí agus Skara Brae agus Dervish ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca sa charr, bím ag breathnú go minic ar TG4 agus olaím Guinness." Ní hionann sin agus a bheith i d'Éireannach. Tig le gach duine a rugadh in Éirinn a rogha rud a dhéanamh. Is Éireannach iad más in Éirinn a saolaíodh iad nó más as Éire a sinsir. Ba shaoránach Méiriceánach é athair mo mháthair agus, faraor, ní labhraíonn sí Gaeilge ach mar sin féin is Éireannach go smior í.

Is beag orm Guinness agus leannta eile ach mar sin féin is Éireannach mé. Sílim gur masla é d'Éireannaigh nach ólann leannta - dubh, bán nó riabhach - gur samhlaítear Éireannach mar dhuine a ólann leann. Tá clú ar mhuintir na hÉireann bolgam tae a ól. Ní hea, tá dúil mhallaithe sa tae againn. Ba iad na hÉireannaigh a d'ól an líon is mó tae san Eoraip san 19ú aois. Ach is annamh a chraobhscaoiltear an scéil sin.

Mar aon leis an gceol. Níl suim agam i gceol Éireannach. Is fearr liom ceol damhsa mar a chumann David Guetta, Avicii, Ricky Romero, Hardwell, Benny Bennassi agus ceoltóirí eile mar iad é. Ní gá go mbeadh dúil agam i gceol Éireannach le go mbeidh mé i m'Eireannach. Ní gá dom fiú bheith i mo chónaí in Éirinn chun a bheith i m'Éireannach. Níl cónaí orm in Éirinn faoi láthair ach mar is eol do chách (nó chun a bheith beacht, mar is eol d'aon duine a bhfuil aithne acu orm) is Éireannach go smior mé.

Arbh Éireannach é Edmund Coll/​Éamon de Valera? Rugadh in Nua Eabhrac é. Ba as Éire dá mháthair agus ba as an Spáinn dá athair. D'imir sé rugbaí. Arbh Éireannach nó Poncánach é?

Is iomaí bealach ar féidir a bheith i d'Éireannach. Ní gá go dtaitneoidh nósanna gach duine ó Éirinn linn ach ní féidir an ceart a bheith ina (h)Éireannach a cheilt ar aon duine más ó Éirinn dóibh.
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 15 Deireadh Fómhair 2013, 11:33 GMT
@Má fhaigheann muintir an tuaiscirt vóta i dtoghcháin uachtaránachta, ba chéim bheag ach tábhachtach é chun aitheantas a thabhairt dom mar Éireannach.

Nach bhfuil aitheantas Éireannaigh agat cheana?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!