tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 12 Deireadh Fómhair 2013, 15:58 GMT
@Ní fios go cinnte cé mar a thosaigh an éirí amach sa tSiria

Leoga, tá sinn cinnte go leor.
Scríobhadh graifítí in aghaidh Asad i scoil i nDeairia, i ndeisceart na Síre. [DAS, seo an áit a ndearna céasadh ar Lawrence of Arabia aimsir na dTurcach]. Gabhadh beirt scolairí agus tugadh do beairic na bpoilíos iad. Tá sé in aghaidh an dlí aon rud as an tslí a rá i dtaobh an rialtais. Nuair a fuair na tuismitheoirí amach i nidaidh scoile cá raibh a mac, chuaigh siad faoina dhéin. Fuaradh amach go raibh sé marbh agus comharthaí céasta ar a chorpán. Leathstócach ceithre bliana déag a bhí ann. Ghearáin siad na Poilíos leis an gobharnóir. Ach d'fhógair an gobharnóir tigh diabhail iad agus dúirt go raibh a mac in airí a bhfuair sé.
Bhí an lasair sa bharrach.

@Agus má thograíonn Assad airm ceimiceacha a úsáid arís, is beag amhras céard a dhéanfaidh rialtas Mheiriceá faoi. Agus an turas seo, ní thiocfaidh an Rúis i gcabhair air.

Maím go bhfuil amhras ann. Is léir go bhfuil hob ann agus hob as ag baint leis an Óbámach agus an "líne" úd nach bhfuil fhios againn cá bhfuil sé. [Dealraíonn sé nach i dtaobh 100 000 mqrbhán atá an líne seo]

@ Agus an turas seo, ní thiocfaidh an Rúis i gcabhair air.
Ní bhinn chomh cinnte de sin. Níl an tSír ach 1 000 Km ó Moscó agus tá taithí ag Moscó ar aintoiscigh Moslamacha sa Séiséin, agus ní maith leo dreamanna eile i mbun ceannairce fad láimhe uathu. Agus siad a thiocfadh in áit Bhaisír
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!