« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #4 aonghus 19 Deireadh Fómhair 2013, 18:20 GMT
> Bheadh sé spéisiúl tabhairt ar na pairtithe cumas Gaeilge a bhrú ar
> Státsheirbhísigh.
> Labhraíonn móramh lucht na Gaeilge Béarla leis an stát. Is beag is fiú
> dófa an stró Gaeilge a iarraidh a chur orthu fhéin, rud nach ndearna siad
> fiú nuair a bhí Gaeilge ag Státsheirbhísigh. In ionad coinníoll a leagadh
> ar Státsheirbhísigh, cad mar gheall ar misneach a chothú i lucht na
> Gaeilge go n-iarrfadh siad a tá tuillte acu le fada. Cá bhfuil Rosa Parkes
> na Gaeilge a dhéarfadh "Ní beag sin. Gaeilge as seo amach, cuma an dua a
> chuirtear ormsa ná oraibhse"?
Tá a leithéidí ann, minic go leor, mar is léir ó thuairiscí an Choimisinéara Teanga. Nó Cás Uí Bheoláin abair.

Tá an dá rud do dhíth; daoine atá in inmhe fónamh ar an bpobal, agus pobal a lorgóidh seirbhís.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 19 Deireadh Fómhair 2013, 18:55 GMT
> > Bheadh sé spéisiúl tabhairt ar na pairtithe cumas Gaeilge a bhrú ar
> > Státsheirbhísigh.
> > Labhraíonn móramh lucht na Gaeilge Béarla leis an stát. Is beag is fiú
> > dófa an stró Gaeilge a iarraidh a chur orthu fhéin, rud nach ndearna
> siad
> > fiú nuair a bhí Gaeilge ag Státsheirbhísigh. In ionad coinníoll a
> leagadh
> > ar Státsheirbhísigh, cad mar gheall ar misneach a chothú i lucht na
> > Gaeilge go n-iarrfadh siad a tá tuillte acu le fada. Cá bhfuil Rosa
> Parkes
> > na Gaeilge a dhéarfadh "Ní beag sin. Gaeilge as seo amach, cuma an dua a
> > chuirtear ormsa ná oraibhse"?
> Tá a leithéidí ann, minic go leor, mar is léir ó thuairiscí an
> Choimisinéara Teanga. Nó Cás Uí Bheoláin abair.

Tá fhios agam. Móramh a scríobh mé

> Tá an dá rud do dhíth; daoine atá in inmhe fónamh ar an bpobal, agus pobal
> a lorgóidh seirbhís.

Abair é
tabhair freagratabhair freagra #6 aodh o domhnaill 22 Deireadh Fómhair 2013, 11:56 GMT
sí an cheist is mó atá á spreagadh anseo ná cad tá gluaiseacht na gaeilge chun a dhéanamh sa bhlain 2016. Is cinnte nach bhféadfaí 100,000 duine a chur amach ar shráid Ui chonaill chun aidhme ar bith. Baol ann, cibé gníomh a bheartófai, nach léirófaí ach ár laige faoi láthair. Táim féin ag teacht den tuairim go mb'fhéidir go mb'fhearr go dtabharfadh dream óg gníomhaire faoi mhór-chur-isteach a dhéanamh ar shearmanais oifigiúla an chomórtha. Tuairimí ??
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 22 Deireadh Fómhair 2013, 13:43 GMT
> Táim féin ag
> teacht den tuairim go mb'fhéidir go mb'fhearr go dtabharfadh dream óg
> gníomhaire faoi mhór-chur-isteach a dhéanamh ar shearmanais oifigiúla an
> chomórtha. Tuairimí ??

Conas a tháinig tú ar an tuairim?
tabhair freagratabhair freagra #8 aodh o domhnaill 22 Deireadh Fómhair 2013, 14:06 GMT
Dá mb'aidhm dúinn aird a tharraingt ar theip/​thréas an aicme pholaitiúil i leith na Gaeilge, agus munar b'achmhainn dúinn na mílte a chur amach ar an sráid, is mó seans poiblíocht a bhaint amach tré chur-isteacht ar an iliomad ocaidí comórtha oifigiúil. Feachtas fórsuil, le teachtaireacht shimplí, agus sin á chur i ngníomh ag foireann óg (seachas seanóirí). Níorbh fhiú aithris a dheanamh ar mhodhanna 1966 ( stailc ocrais Mhisneach). Ba ghá teacht ar mhodh éigin feiceálach splancúil eg (gan ann ach sampa) scata óg a thabharfadh faoi gach aon chomóradh oifigiúil agus é de rún acu 'moonimg' a dheanamh ón ardán. An teachtaireacht: 'Straitéis 20 bliain mó thóin!'. A leithéid sin de shamhlaiocht.
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearn 22 Deireadh Fómhair 2013, 15:12 GMT
> Dá mb'aidhm dúinn aird a tharraingt ar theip/​thréas an aicme pholaitiúil i
> leith na Gaeilge, agus munar b'achmhainn dúinn na mílte a chur amach ar an
> sráid, is mó seans poiblíocht a bhaint amach tré chur-isteacht ar an
> iliomad ocaidí comórtha oifigiúil. Feachtas fórsuil, le teachtaireacht
> shimplí, agus sin á chur i ngníomh ag foireann óg (seachas seanóirí).
> Níorbh fhiú aithris a dheanamh ar mhodhanna 1966 ( stailc ocrais
> Mhisneach). Ba ghá teacht ar mhodh éigin feiceálach splancúil eg (gan ann
> ach sampa) scata óg a thabharfadh faoi gach aon chomóradh oifigiúil agus é
> de rún acu 'moonimg' a dheanamh ón ardán. An teachtaireacht: 'Straitéis 20
> bliain mó thóin!'. A leithéid sin de shamhlaiocht.

Is maith mar a luaigh tú 1966. De réir Eoghan Uí Thuairisc, nuair a thuig sé nach mbeadh ceiliúradh cuí Gaeilge a diongbhála, shuigh sé síos agus scríobh sé "De Luain". Sin gníomh dearfach, i leaba an síorcháineadh ar an "Stáit" nár chuí agus nach b'acmhainn dó ár meon a dhéanamh dúinn.
tabhair freagratabhair freagra #10 Colm 23 Deireadh Fómhair 2013, 08:53 GMT
Lón machnaimh a mholaim do chách, taighde Mhic Gréil 2009 (mar go síneann sé siar ar a mhacasamhail glún ó shin). Is léiriú iontach é ar intinn an phobail. http:/​/​www.mayococo.ie/​en/​Services/​OifignaGaeilge/​Publications/​PDFFile,15645,en.pdf
tabhair freagratabhair freagra #11 Fearn 24 Deireadh Fómhair 2013, 10:54 GMT
> Lón machnaimh ???

Muise, sin ceas machnaimh!
tabhair freagratabhair freagra #12 Domhnall 25 Deireadh Fómhair 2013, 12:08 GMT
Nach aisteach a laghad airde a tugadh ar an taighde sin a rinne Mac Gréil? Tá freagra ann, dar liom, ar an ngalar Éireannach a choinnigh siar sinn agus míniú ar an moille a bhaineann linn leis an 'leon a leigheas'. Níor ghá an Ghaeltacht a chailleadh agus níor ghá fanacht dhá nó trí ghlúin le hathbheochain a fheiceáil sa nGalltacht.
tabhair freagratabhair freagra #13 Fearn 25 Deireadh Fómhair 2013, 14:28 GMT
> Nach aisteach a laghad airde a tugadh ar an taighde sin a rinne Mac Gréil?

Níl fhios agam an aisteach nó nach aisteach an aird. Dar liom, ní chuirfí aird ann ach ag socheolaithe agus teangeolaithe.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!