tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 3 Lúnasa 2013, 12:28 GMT
Cé nach bhfuil an Rúiseach cearr, is táiraigne is ciontach, rud ata fairsing ar fud na hÉireann, fiú i measc na nGael (Agus nach ioróinach, nach dtugtar aird ach do réiteach amháin, ó eachtranach, bail ó Dhia air?). Is cuimhin liom blagadóir Gaeilge ag moladh teacht na n-eachtranach maille lena dteangacha in Éirinn, cionn is go mbainfeadh an spotsholas ón Ghaeilge. Táiraigne, dhéarfainn.

Ligimis an Ghaeilge linn, go hard, os comhair an tsaoil, in ainm Dé!

Cad é mar is ceart do náisiún dul i ngleic lena tháiraigne? Sin an buille!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!