tabhair freagratabhair freagra #1 Mí-shona 7 Feabhra 2013, 19:06 GMT
Suimiúil go leor a Dhonncha ach mar (iar) cholúnai bhí mé ag súil agus ag dúil le halt faoi Ghaelscéal uait. Le bheith firinneach bhí mé ag súil agus ag dúil le halt faoi Ghaelscéal áit éigin ar Bheo. Cá bhfuil sé?
tabhair freagratabhair freagra #2 Páid Ó Donnchú 8 Feabhra 2013, 13:27 GMT
Molaim beo.ie chun an t-alt seo a chuir i gcló(!?), agus an díospóireacht a thosaigh. Cé nach mbeinn ar aon fhocal le Donncha le 'chuile shórt faoi seo creidim go raibh pointe ag na hAontachtóirí nuair a mhaigh siad "Home Rule means Rome Rule". Nach raibh an ceart acu?
tabhair freagratabhair freagra #3 aonghus 8 Feabhra 2013, 13:31 GMT
> Suimiúil go leor a Dhonncha ach mar (iar) cholúnai bhí mé ag súil agus ag
> dúil le halt faoi Ghaelscéal uait. Le bheith firinneach bhí mé ag súil
> agus ag dúil le halt faoi Ghaelscéal áit éigin ar Bheo. Cá bhfuil sé?
Rud beag mí chóir, ó tharla gur nochtadh scéal Ghaelscéal tar éis na hailt a bheith scríofa. Míosacháin is ea Beo.
tabhair freagratabhair freagra #4 Páid Ó Donnchú 9 Feabhra 2013, 10:46 GMT
Tuigtear do Shinn Féin nach mbeidh móramh acu in aon reifreann faoin Teorainn. Cén fáth, mar sin, go bhfuil siad ar loirg ceann? 'Sé mo thuairimse ná go mbreathnítear ar sheo mar phróiséas fadtéarmach. Ní shin an uimhir i bhfabhar Éire Aontaithe atá tábhachtach, ach go bhfuil an cheist ar an gclár oibre phoilaitiúla, agus go mbeidh fás ar an uimhir. Má tá an uimhir íseal, bhuel, cén dochar, beidh sé níos fusa amach anseo chun borradh a chuir faoi.
tabhair freagratabhair freagra #5 Feirsteach 14 Feabhra 2013, 15:16 GMT
Aontaím leat a Pháid. Is dóigh liom gur seift agus gur riachtanas atá sa straitéis seo. Seift mar a luann tú féin ó tharla go ndéanann sé féidearthacht (fiú más caolsheans é) as an tír a athaontú, cuireann sé an téama ar an gclár oibre pholaitiúil agus mar gheall ar sin sna meáin, agus mar thoradh ar sin in aigne daoine ó thuaidh agus ó dheas. Má theipeann air an uair seo, thabharfadh sé am don phobal aontachtach dul i ngleic leis an athaontú thar tréimhse ama níos faide (rud a chabhródh le haistriú níos síochánta) agus chuirfeadh sé daoine ag smaoineamh nach gá go mairfidh an status quo (an fáth, dar liom go bhfuil an oiread sin daoine ag cuir "Northern Irish" orthu féin). Chomh maith, áfach, ní fhéadfadh le SF gan vóta a lorg ar an teorann agus na hAlbanaigh ag vótáil ar neamhspleáchas i 2014. Chomh maith, is dóigh liom go gcabhraíonn an plé faoi vóta ar an teorann le cás na nAlbanach (léiríonn sé go bhfuil pobail eile ag éileamh an rud céanna) agus a mhalairt (léiríonn sé éiginnteacht faoi thodhchaí an "Ríocht Aontaithe").
tabhair freagratabhair freagra #6 Arthur Griffith Rides Again 14 Feabhra 2013, 22:48 GMT
Tá an 'plot' caillte agat, a Fheirstigh, má cheapann tú gurb iad an pobal aontachtach 'an fhaidb' maidir le athaontú na tire.
Dála an scéil, is cuid den status quo iad Sinn Féin, lena tóinte teolaí cois tinteáin chluthar Stormont. Tá said i dtuarastal an Choróin agus i dteideal pinsean na Banriona, a Fheirstigh. Níl sa reifreann ach geáitsíocht amscaidh pholaitiúil, fiminteacht den gcéad rannóg agus mí-léamh iomlán ar phobal Éireann na nDhá nDath, a bhuachaill.
Dúisigh, a chara. Bain diot na dallóga, nó na púicíní, mar is fear aithne orthu i mbaill áirithe.
Chuaigh Sinn Féin 'ar strae' fada, fada siar. Any takers for 1904, even? Ní dhéanfadh Mary-Lou an mhanchóg seo. N'fheadar cad a cheapann sise faoi seo - ina croi istigh?
tabhair freagratabhair freagra #7 Domhnall Ó Loingsigh 15 Feabhra 2013, 03:39 GMT
Tá brí leis an éileamh do Reifreann, is dóigh liom. Gan dearúd a dhéanamh ar an raison d'etre an pháirtí; gan dearúd a dhéanamh ar na blianta fada a chaitheadar ag troid. Ar an dtaobh eile den scéal ba cheart go luífeadh an páirtí isteach ar rialú go cóir cothrom chun a chruthú lucht leanúna na nAontachtach gur féidir leo san a dhéanamh go h-éifeachtach agus nach "one trick pony" iad i.e. gur féidir leo níos mó a dhéanamh ná gunnaí a lámhach. Tá athrú ag teacht ar an ndaonra sa Tuaisceart__ tá daonra náisiúnach ag dul i méid agus an daonra Aondachtach ag dul i laithead. Cad 'na thaobh go raibh Peter Robinson i láthair ag cluiche Chumann Lúthchleas Gael? Tuigeann sé go bhfuil vótaí Caitleachacha uaidh.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!