tabhair freagratabhair freagra #1 Pádraig 2 Eanáir 2013, 15:07 GMT
Cuir an aighneacht i dtoll a chéile a Dhonncha ós tú ata breá inniúil air agus téimís i mbun oibre. Ana-smaoineamh is ea é agus tabharfar tacaíocht thar meán dó, táim cinnte. Beadsa féin sa Bhruiséil an bhliain seo chugainn más aon chabhair duit é.
tabhair freagratabhair freagra #2 Harpic 2 Eanáir 2013, 18:31 GMT
Fair plé a Dhonnchaidh. Sep an t-aon alt le dealramh i m'Beo', (arís)
tabhair freagratabhair freagra #3 aonghus 4 Eanáir 2013, 21:03 GMT
Aontaím le Pádraig!
tabhair freagratabhair freagra #4 Donncha Ó hÉallaithe 5 Eanáir 2013, 17:15 GMT
Ar mhiste leat a Phádraig, dul i dteagbháil liom faoi aighneacht a chur le chéile. Cinnte, ba mhór an cabhair duine sa mBrúiséil a bheith againn. Mo sheoladh ephost: doheallaithe@gmail.com.
> Cuir an aighneacht i dtoll a chéile a Dhonncha ós tú ata breá inniúil air
> agus téimís i mbun oibre. Ana-smaoineamh is ea é agus tabharfar tacaíocht
> thar meán dó, táim cinnte. Beadsa féin sa Bhruiséil an bhliain seo
> chugainn más aon chabhair duit é.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 18 Eanáir 2013, 15:45 GMT
Alt maith stuama, cinnte, agus ní ag ceasacht ar fhearr a scríobha atáim, ach ní thuigim an síorcháineadh, bliain i ndiadh bliana, ar an "rialtas" cionn is nach bhfuil saothar spreagtha éigin á dhéanamh acu. D'fhéadfainn a mhacsamhail d'alt a scríobh leathchéid nó fiú ceithre fichead bliain ó shoin. Ach, tá difir mhór ann anois. Níl "gluaiseacht" ná pobal "gníomhach" na Gaeilge ann anois. Níl fearg ná cuthach, ná gnáthstrachailt labhairt na Gaeilge ann, cóir máireach ar neamhchead an tsaoil mhóir, ach an corrbhladhm díograis ó bheirt ná triúr ag impí go ndéanfadh an "Rialtas", agus anois eile, "rialtas na hEorpa", "rud éigin".

Cá bhfuil gníomhú na mbunphobal ar mór acu an Ghaeilge?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!