tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 10 Samhain 2012, 13:59 GMT
A Shionna (ní hé d’ainm fíor é)
Deir an nath: Pós bean an tsléibhe agus pósfaidh tú an sliabh.
Níl aon rud foirfe ar an tsaoil, agus is iomaí fulana atá ann cuma cén cor a chasann ort.
Féach le do mhian, ach déan do mharana air, an fiú an costas é? Costas mothúcháin, costas suaimhneas intinne?
Deirtear fosta: An rud nach bhfuil leigheas air, caithfear cur suas leis.
Muna bhfuil sé ar do mhian, féach lena athrú ar do mhian, nó cuir díot é. Má glacann tú leis, déan é le súile foscailte.
Mar focal scoir, ná bí ag iarraidh comhaire ar strainséirí
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!