tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 1 Samhain 2012, 12:49 GMT
is maith liom an nath "eachtra teanga"!

An bhfuil sé in am dúinn dul i mbun na heachtraíocht sin achan lá?
tabhair freagratabhair freagra #2 Gaeilge Locha Riach 7 Samhain 2012, 12:50 GMT
Alt maith agus treaslaím é leis an duine a thuigeann nach drochbhéasa atá ann nuair a dhiúltaíonn cainteoir Gaeilge iompú ar Bhéarla do dhuine atá in ann Gaeilge a thuiscint ach í a labhairt go mall.
tabhair freagratabhair freagra #3 Harpic 14 Samhain 2012, 09:02 GMT
Alt spéisiúil ó húdar gan baiste eile. Ní féidir an milleán a chur ar an IT as alt amháin, áfach. Tá an nuachtán sin ag déanamh a ndíchill don teanga ach tugann siad deis ó am go ham do dhaoine nach bhfuil ar son na teanga, agus táthaid ann go tréan. Ní féidir a rá mar sin gur "ionsaigh an Irish Times muintir na Gaelscoilíochta go nimhe neanta." An seasódh Beo le gach uile rud a scríobhtar ann? Dá mbeinn ag iarraidh a bheith smeáirteáilte dhearfainn 'D'ionsaigh Beo muintir TG4 go nimhe neanta' nó 'tá beo ar son an ghinnmhilte' srl.
tabhair freagratabhair freagra #4 Tá ios a'm nach 15 Samhain 2012, 09:43 GMT
'údar gan baiste eile' - b'fhéidir gur mar gheall air san a baisteadh an t-alt 'Caint an tSráidbhaile'. Tugaim faoi ndeara ná bíonn ainm údair leis in aon eagrán.
Is nuachtán Béarla é an IT. Conas mar san a d'fhéadfadh sé 'a ndícheall' a dhéanamh don dteanga?
Ní dóigh liom gur ionsaigh Beo an ghaelscoilíocht. An ghaelscolaíocht atá faoi thrácht ag Beo thuas agus ní 'gaelscoilíocht', is dá mbeinn ag iarraidh a bheith 'smeáirteáilte' leatsa déarfainn gur ionsaigh tú Aer Lingus.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!