tabhair freagratabhair freagra #1 aonghus 3 Meán Fómhair 2012, 21:47 GMT
Mo léamh fhéin ar an scéal: http:/​/​aonghus.blogspot.ie/​2012/​08/​hausfriedensbruch.html

Tá an phíonós a gearradh thar fóir; ach níl siad chomh saonta ach oiread.

Sanctóir sanctóir ag deireadh an lae, agus dlitear urraim do áiteanna bheannaithe daoine eile, fiú má easaontaíonn tú leo.
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 7 Meán Fómhair 2012, 16:21 GMT
Is ionadh liom, a Chiara, nár fhéach tú le sárú cead aighnis ar chead aighnis eile a mheas.

Tuige a mbeadh cead Phúsaí Ridhait sárú ar cead Eaglaise Ceartchreideamhaigh?
tabhair freagratabhair freagra #3 Vitaly 13 Meán Fómhair 2012, 16:53 GMT
Cúpla focal ón Rúis, mas mian libh.

1. Caithfigh pionós a cheapadh as na gníomhartha mídhleathacha de réir an dlí, mar is eol dom. Ní “amhasóireacht” ab ea é de réir an dlí, ach drochiompar san ionad poiblí. Agus níl an pionós eile as sin scríofa sna dlíthe Rúiseacha, ach fíneáil 1000 roubles (25 euro), agus sin é! Go deimhin, dhéin an breitheamh a dícheall chun “amhasóireacht” a chumadh agus a chruthú. Rud coitianta is ea é, “cumadoireacht” den chineál sin sna cúirteanna Rúiseacha (is trua nach ionann “cúirt” agus “dlí” sa Rúis anois), agus rud ana-chontúirteach duinn go léir agus don Stát chomh maith, ceapaim.

2. Scríobh Aonghus ceart go leor (go raibh míle maith agat, a Aonghuis, as do shuim i stair na Rúise!):

“Is in Ardeaglais Críost an Slánaitheoir a tharla an agóid seo. Eaglais nua atá anseo, atá tógtha san ionad a bhí Eaglais roimh an réabhlóid. Eaglais a scriosadh ag na Boilséiveach. Rinneadh linn snámha as. Is siombail mar sin é de aiséirí na hEaglaise i ndiaidh na géarleanúna.”

Ach caithfidh mé cúpla focal breise a rá ó thaobh an “ardeaglais” nua de. Tá a lán spásanna tógtha faoin eaglais seo, ar “leibheal -1” agus “-2”, agus usáidtear na spásanna sin chun brabús a ghnóthaigh astu. Ina measc – cúpla halla tionóla, bialann, dry cleaning, car park agus car wash fiu! Agus gach rud, mar a deireann na ceartchreidmhigh – san áit naofa! Ach ní chuireann sé isteach ar “ghníomhaí ceartchreidmheacha” agus iad ag rá paidreacha san “áit naofa”, go bhfuil dry cleaning, car wash agus a leithéidí díreach faoina gcosa! Mar sin, ní “siombail de aiséirí na hEaglaise” an foirgneamh seo do na mílte duine Rúiseacha, ach siombail de santacht na hEaglaise. Mar gheall ormsa féin, nílim maslaithe ag an ngníomh seo ar chor ar bith – dar liom, ní san “ardeaglais” a tharla sé, ach san ionad gnó.

PS Linn snámha oscailte a bhí ar an suiomh seo le linn réimse Aontais Shoivéadach - bhí sí ar fheabhas! Bhaineas a lán sult as agus mise imo bhuachaill óg, agus is fíorthrua liom nach maireann sí a thuilleadh san ionad sin (nó in ionad ar bith).
tabhair freagratabhair freagra #4 aonghus 14 Meán Fómhair 2012, 11:51 GMT
Buíochas as an t-eolas breise sin Vitaly.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!