tabhair freagratabhair freagra #1 Páid Ó Donnchú 5 Lúnasa 2012, 00:01 GMT
Creidim féin go maith an smaoineamh é seo. Ach an bhfeileann sé na 'vested interests' i saol na Gaeilge agus saol na Gaeltachta, sin ceist eile.
tabhair freagratabhair freagra #2 Niall na Naoi bPiontaí 7 Lúnasa 2012, 12:31 GMT
Ní thuigim seo ar chor ar bith. D' fhreastal mé féin Oideas Gael - neach-Gáidhlic ón Alban mé - agus táimse an-bhuíoch go rabhas in ann é sin a dhéanamh.

Más rud é go bhfuil Gaeilge ag na déagóirí, cén fáth go mbeadh gá dul ar choláiste samhraidh?

Ní don ndéagóir an domhan go léir!

Agus ní déagóir mé, a chairde aosta!
tabhair freagratabhair freagra #3 Darren Mac an Phríora 10 Lúnasa 2012, 23:23 GMT
Smaoineamh mhaith! Ar cur tú Dinny McGinley ar an eolas faoi?
tabhair freagratabhair freagra #4 Donncha Ó hÉallaithe 11 Lúnasa 2012, 10:59 GMT
Chuireas an Roinn ar an eolas faoin mbun smaoineamh cúpla mí ó shin. Seans gur pléadh é leis an Aire Stáit. Ach ar an droch uair nár pléadh, cuirfeadsa é ar aghaidh ag Dinny Mc Ginley é féin.
tabhair freagratabhair freagra #5 Déaglán an Dúin 18 Lúnasa 2012, 09:40 GMT
An aon fhadhb a fheicimse ná tá seans maith ann nach mbeadh formhór na dtuismitheoirí a bhfuil Gaeilge ag a bpáistí/​ndéagóirí cheanna toilteanach €500 a chaitheamh ar chúrsa gan "ghá". Dar leofa tá a dhóthain Ghaeilge ag na páistí anois chun go sáróidh siad sna scrúduithe Ardteistiméireachta (agus dá réir) agus sin a bhfuil faoi. "Cad chuige a mbeinn ag iarraidh leathmhíle punt a chaitheamh in amú ar theanga a bhfuil líofacht di acu cheanna?" Ag deireadh an lae cha bhfeictear daofa go bhfuil fiúntas ar bith lena leithéid. Scéal eile ar fad atá ann dar ndóighe do lucht an Bhéarla toisc go santaíonn siadsan go bhfaighidh na pásití s'acusan pas réasúnta sa teangaidh agus ina dhéidh sin go leanfaidh siad ar aghaidh le cá bith cúrsa tríú leibhéil a bheadh beartaithe acu. Ar an drochuair, go bunúsach is beag duine amuigh ansin a chuirfeadh an méid sin suime sa Ghaeilig féin i measc na mbéarlóirí dar liom, beag beann ar lucht na ngaelcholáistí ná ar lucht chónaithe na ngaeltachtaí - fiú amháin sna ceantair is láidre bho thaobh úsáid laethúil na teangaidh sa phobal áitiúil. "Hard sell" é seo do Roinn atá ag iarraidh a caiteachas a laghdú - déarfadh siad go mbeadh scóip na scéime seo ró-chúng chun go bhfaighfeadh sé tacaíocht pholaitiúil go leor.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!