tabhair freagratabhair freagra #1 Daithi Mac Carthaigh 4 Meitheamh 2012, 23:33 GMT
Níor ghá ollathrú sa leagan amach bunreachtúil dá mbeadh an tír le haontú. Le socrú cónaidhmeach, bheadh an chuma ar Éirinn (ar nós na Beilge) ón taobh amuigh gur aonad polaitiúil amháin í ach leanfadh dhá stat orthu ag feidhmiú.
Ní raibh ach ceithre roinn fheidearálacha ag an Ostair-Ungáir: an t-arm, an chabhlach, gnóthaí eachtracha agus custaim.
Leanfadh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT), an Tionol agus an tOireachtas orthu, le mionleasuithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar Bhunreacht na hÉireann chun toghchán do pharlaimint chónaidhmeach agus rialtas cónaidhmeach a áisiú, a mbeadh a gcuid cumhachtaí teoranta chuig gnóthaí cosanta, custaim agus gnóthaí eachtracha/​Eorpacha mar aon le Cúirt chónaidhmeach chun dlíthe maidir leis na réimsí sin a fhorléiriú agus a chur i bhfeidhm.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!