« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #3 Carme 16 Bealtaine 2012, 20:59 GMT
Níl An Cruinne ach An Chruinne an t-ainm atá ar an gcathair!
tabhair freagratabhair freagra #4 Seosamh Mac Muirí 17 Bealtaine 2012, 14:51 GMT
Tuigim duit ach is fearr liom a Charmen an áit a dhealú leis ‘an Chruinne’, ‘Rí na Cruinne’ srl. ina inscne mar gur fusa a thuiscint amhlaidh; gur áit faoi leith atá i gceist. Thugas faoi deara go raibh an dealú sin déanta ag lucht na peile thall chomh maith, bíodh gur giorra ar an saol an cumann céanna ná an saothar agaibh féin (le Coiscéim 2009; tá cóip agam féin).
Níl leideadh ar inscne le tarraingt as an Chéitinneach (láimh ris an g-Cruinne, agus tor Breoghain san g-Cruinne féin;). Tharla nach bhfuil aon chinnteacht i dtaobh shanas an logainm féin, go bhfios dom, agus go bhféadfaí a shamhlú le An Corrán agus Corrán Tuathail i gCiarraí ar dhéanamh corrán cnoic nó corrán cuain, nó arís go measfaí le bunús eile é, An Corann, firinscneach, gona guta ‘o’ fada [o:], móide Coriondi in oirdheisceart na hÉireann ag Claudius Ptolemeus – iad seo go léir a chaitheamh sa mheá fosta - roghnaigh mé caitheamh leis mar fhirinscne.

Foclóir: http:/​/​www.coisceim.ie/​focloir.html
Céitinn: http:/​/​www.ucc.ie/​celt/​published/​G100054/​index.html
An Corann: http:/​/​www.logainm.ie/​Viewer.aspx?text=Corran&streets=yes
Coriondi: http:/​/​www.rootsweb.ancestry.com/​~irlkik/​ihm/​ire150.htm
tabhair freagratabhair freagra #5 Carme 27 Bealtaine 2012, 01:18 GMT
tabhair freagratabhair freagra #6 Seosamh Mac Muirí 27 Bealtaine 2012, 13:22 GMT
Tá Cruinne baininscneach ag Ó Bruadair ina dhiaidh chomh maith a Charmen, rud a thug ar DIL caitheamh leis amhlaidh, ach nuair nach bhfuil cruthaithe go fóill in aon teanga, go bhfios dom, cén bhunchiall a thug an t-ainm, roghnaigh mé caitheamh leis mar fhirinscne ar na fáthanna thuas, go háirithe dealú an logainm leis an ghnáthainmfhocal i leaganacha ar nós ‘ar ór na cruinne’ srl.
tabhair freagratabhair freagra #7 Carme 29 Bealtaine 2012, 00:30 GMT
Tuigim do chás agus caithfidh mé a admháil go bhfuil mé claonta amach is amach sa chás seo. Ghlac mé le baininscneach gan aon cheistiú a dhéanamh ar an inscne. Chuir sé an méid iontais sin orm go raibh legán Gaeilge d´ A Coruña ar an gcéad dul síos. Ar an drochuair, ní féidir linn brath ar mhinicíocht ag an bpointe seo. Mar sin, beidh ar an údar alt eile a scríobh anois go bhfuil Deportivo ar ais sa chéad sráith arís!
tabhair freagratabhair freagra #8 Seosamh Mac Muirí 29 Bealtaine 2012, 11:33 GMT
Is eagal liom gur faoi ábhar eile a aird an chéad iarraidh eile. Scríobh sé faoin rí agus faoi mharú an lapadáin/​na heilifinte san Afraic d'eagrán an Mheithimh. Go maire Deportivo a mbua!
tabhair freagratabhair freagra #9 Carme 29 Bealtaine 2012, 15:16 GMT
Go raibh maith agat as an eolas sin. Níl an ceann sin feicthe agam go fóill.
tabhair freagratabhair freagra #10 Seosamh Mac Muirí 29 Bealtaine 2012, 18:25 GMT
Tá súil againn é a fhoilsiú an deireadh seachtaine seo chugainn, a Charmen.
tabhair freagratabhair freagra #11 Seosamh Mac Muirí 29 Bealtaine 2012, 18:26 GMT
Tá súil againn é a fhoilsiú an deireadh seachtaine seo chugainn, a Charmen.
tabhair freagratabhair freagra #12 Carme 29 Bealtaine 2012, 18:48 GMT
Iontach maith. Tá mé ag súil go mór leis.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!