« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #12 Daithí 20 Márta 2012, 21:19 GMT
> An t-aon réiteach ar an scéal, ná páiste gan Bhéarla a thógáil, leithéidí
> Elízir Bein Yehúda in Iosrael, a thóg a chuid páistí trí Eabhrais amháin.
> http:/​/​ga.wikipedia.org/​wiki/​Eliezer_Ben-Yehuda

Suimúil, is miste duinn staidéir a dhéanamh ar athbheochana eile sa domhan, pé áit é. Cá bhfuil an kibbutz Gaelach mar shampla. Áit ina bhfuil daoine ábalta teacht ann gan morán airgead chun an Gaeilge a fhoghlaim, a labhairt agus a cleachtadh.
tabhair freagratabhair freagra #13 DaithíMac 21 Márta 2012, 16:03 GMT
Tá fhios againn faoi seo, níl an Rialtas i ndairire i dtaobh an Ghaeilge agus bhí O Cuiv mí-usáideach mar Aire Ghaeltacht agus ní raibh FG níos fearr. Tá Gaeilge sa Ghaeltacht ag meadú agus an Ghaeltacht ag maolú fós ach tá daoine eile ann ag iarraidh an seans maireachtáil i gceantar ina bhfuil siad ábalta saol fíor Ghaelach a chaitheamh. Conas is féidir linn an rud seo a dhéanamh, is í sin an cheist. Táim ag lorg talamh chun saol nua a bhunú, an dtabhfadh aoinne cabhair dom.
tabhair freagratabhair freagra #14 Jeaicín 24 Márta 2012, 18:05 GMT
Is ríléir nach mian leis "an Státchóras" aitheantas ar bith a thabhairt feasta d'áiteanna ina bhfuil líon mór daoine in ann Gaeilge a labhairt. Tá deontas na bpáistí ar scor rud a fhágann nach eol feasta cé atá ag labhairt na teanga. Tá an tÚdarás ciorraithe. Tá an Coimisinéir buailte. Seoltar mic léinn go hUibh Ráthach amhail is go gcloisfidis beirt ag labhairt Gaeilge ansin. Chloisfeadh. Ag sochraid. Nó in áras seandaoine.

Nílim cinnte go bhfuil lucht na nGaelscoileanna mórán níos fearr. Tá cuid acu an-dhátheangach agus míniú i mBéarla á thabhairt ar an uile fhocal. Is beag suim a léiríonn formhór na dtuismitheoirí sa teanga. Dá dtabharfaí aitheantas Gaeltachta do cheantar cathrach cén duifear a dhéanfadh sé?
tabhair freagratabhair freagra #15 Popshuil 29 Márta 2012, 21:50 GMT
Rith an smaointe seo liom inniu, Is feidir le aon duine Gaeilge liofa a fhoghlaim más maith leis no lei óna taifeadáin atá déanta anois. Mar gheal air sin beidh an Ghaeilge beo go deo.
tabhair freagratabhair freagra #16 Rónán 31 Márta 2012, 19:31 GMT
> Tá fhios againn faoi seo, níl an Rialtas i ndairire i dtaobh an Ghaeilge
> agus bhí O Cuiv mí-usáideach mar Aire Ghaeltacht agus ní raibh FG níos
> fearr. Tá Gaeilge sa Ghaeltacht ag meadú agus an Ghaeltacht ag maolú fós
> ach tá daoine eile ann ag iarraidh an seans maireachtáil i gceantar ina
> bhfuil siad ábalta saol fíor Ghaelach a chaitheamh. Conas is féidir linn
> an rud seo a dhéanamh, is í sin an cheist. Táim ag lorg talamh chun saol
> nua a bhunú, an dtabhfadh aoinne cabhair dom.
tabhair freagratabhair freagra #17 Rónán 31 Márta 2012, 19:33 GMT
Tá muintir Rath Cairn i gcónaí ag iarraidh daoine a mhealladh chun tígh a thógáil ann. Bíonn fograíocht sna méain go minic. Féach air a suíomh greasáin http:/​/​www.rathchairn.net/​
tabhair freagratabhair freagra #18 DaithiMac 31 Márta 2012, 23:58 GMT
> Tá muintir Rath Cairn i gcónaí ag iarraidh daoine a mhealladh chun tígh a
> thógáil ann. Bíonn fograíocht sna méain go minic. Féach air a suíomh
> greasáin http:/​/​www.rathchairn.net/​
GRMA a Rónán.
tabhair freagratabhair freagra #19 An Cuairteoir 4 Aibreán 2012, 03:11 GMT
Bla bla bla bla. Muintir na cathrach (SIBHSE!) a thréig an Ghaeilge na cianta ó sin. Anois níl fágtha sa teanga ach caitheamh aimsire daoibh. Ach cén teanga a labhraíonn sibh sa bhaile agus ag obair? Béarla, ar ndóigh.
tabhair freagratabhair freagra #20 Páid Ó Donnchú 20 Aibreán 2012, 22:55 GMT
Ní aontaím le gach focal, ach creidim go bhfuil an fhírinne shearbh scríofa ag mo chara Donncha.

An Ghaeltacht? - Tá an bhean ramhar ag glanadh a scórnach.
tabhair freagratabhair freagra #21 Iománaí Ar An gClaí 20 Iúil 2012, 15:40 GMT
Tá an nóta ard úd sroichte ag an mbean mhór ramhar, agus is gearr go n-umhlóidh sí go ríméadach os comhair an tslua, go bpiocfaidh sí suas an bhláthfhleasc a chaithfear chuici, agus go scuabfaidh sí léi go deo den stáitse...
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!