tabhair freagratabhair freagra #1 Sylvia 11 Márta 2012, 09:06 GMT
Sea. Measaim go bhfuil an cheart agat faoin ngá atá le parlaimint eile ach is cur amu caiteachais é faoi láthair.
tabhair freagratabhair freagra #2 An Cainteoir Dóchais 12 Márta 2012, 07:56 GMT
Aontaím. Stát gan dhá theach parlaiminte, sin stát ar leathchois.
tabhair freagratabhair freagra #3 Anraí ó Braonáin 13 Márta 2012, 16:23 GMT
An-mhaith a Bhreandáin. Ba chóir an Seanad a choinneáil ach leasú iomlán a dhéanamh air agus ar an gcóras trína dtoghtar na seanadóirí. Má chuireann an Rialtas an Reifreann ar bun mar atá molta, bheadh sé i gceist agam vótáil ina choinne.
tabhair freagratabhair freagra #4 faobhar 14 Márta 2012, 01:58 GMT
I mórán tíortha eile is í aidhm an tí uachtaraigh dearcadh níos náisiúnta, nó dearcadh níos logánta, a chur chun cinn sa chóras polaitiúil, d'fhonn cothromaíocht dearctha agus priarachta a chothú sa tslí ina ndéantar ionadaíocht orainn. Sna Stáit Aontaithe, mar shampla, is iad na Feisirí atá ceaptha a bheith mar phríomhghuth díreach an phobail agus is iad na Seanadóirí na saineolaithe polaitiúla atá in ainm is bheith dírithe ar cheisteanna náisiúnta (sin de réir an bhun-bhunreachta ann ar a laghad, rinneadh go leor truaillithe ar an chóras úd ó shin). Sa Ghearmáin, ar an láimh eile, is iad na Seanadóirí a chosnaíonn cearta agus cistí a gcuid stát féin sa tír. Cad chuige anois nach ndéanfaimis leasú ar chóras s'againne chun go mbeidh deighilt shoiléir cúraimí idir an dá theach: ceann amháin a thoghtar go rialta le toil reatha logánta an phobail a chur in iúl is a chur chun cinn, .i. an Dáil, agus an ceann eile a mbeadh dearcadh níos náisiúnta níos fadtéarmaí aige a chuirfeadh bac ar an chineál dul thar fóir a tharla sa tír seo le deich mbliana anuas?
tabhair freagratabhair freagra #5 Seán P 14 Márta 2012, 09:52 GMT
Bheinn ar aon tuairim le go leor dá bhfuil scríte agat ach gur cheart go cinnte go mbeadh seanadóir amháin curtha ar leataobh do lucht na Gaeilge.
tabhair freagratabhair freagra #6 Éamonn Mac Niallais 14 Márta 2012, 12:19 GMT
Aontaím nar chóir an Seanad a scoir gan iarracht a dhéanamh é a leasú. Ó mo thaithí féin ag stocaireacht ar pholaiteoirí, is minic go mbíonn níos mo fonn ar sheanadoirí cuidiú leat mar nach mbíonn siad chomh gafa le polaitíocht na bpáirtithe. Bíonn na Teachtaí Dála go minic níos gafa leis an fuip agus eagla orthu aon rud a dhéanamh a chuirfeadh as do sheasamh an phairtí. Sampla amháin de seo le déanaí, labhair muid le coiste dála faoi chás an choimisinéire teanga agus thug fiú seanadoirí pairtithe an rialtais, Fine Gael agus an Lucht Oibre, tacaíocht laidir dúinn agus d'aontaigh siad nach raibh aon chiall leis an chinneadh.
tabhair freagratabhair freagra #7 Seán P 15 Márta 2012, 16:09 GMT
Sin é an chúis is fearr a chuala é go dtí seo a Éamoinn leis an tSeanad a choinneáil. Dála an scéil, cérbh iad na seanadóirí a thacaigh libh?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!