tabhair freagratabhair freagra #1 Concubhar 4 Eanáir 2012, 13:02 GMT
Is fiú go mór aiste de hÍde - an Chraoibhnín Aoibhinn - a léamh. An deacracht atá agam leis go bhfuil sé fós firinneach anois breis is 100 bliain tar éis ar foilsíodh é agus an uair ar foilsíodh é. B'fhéidir gur cheart féachaint air mar cheist - cén áit atá ag an gcultúr Gaelach i gcultúir na hÉireann? Moladh é seo ar fiú é a scrúdú agus a phlé. Mholfainn go mbeadh an cheiliúradh seo ar fad ar líne - nach mbeadh sé ag brath ar ionaid nó iarsmalannaí. Gur fearr é a dhéanamh faoi mar a d'eagraíomar Féile na Laoch i Múscraí i mí Lúnasa/​Deireadh Fómhair.
tabhair freagratabhair freagra #2 Harpic 5 Eanáir 2012, 08:43 GMT
Aontaím leat céad fán gcéad a Choncubhair. Dála an scéil, cén chineál sceimhlitheoireachta a tharla dod bhlag?
tabhair freagratabhair freagra #3 Concubhar 5 Eanáir 2012, 10:05 GMT
Ag fiosrú na ceiste sin atáim a chara - caithfidh go bhfuil sé ag cur isteach ar dhuine éigean....
tabhair freagratabhair freagra #4 E 6 Eanáir 2012, 15:26 GMT
Dea-smaoineamh
tabhair freagratabhair freagra #5 peadar 6 Eanáir 2012, 22:14 GMT
Snámh in aghaidh easa an feachtas go léir. Do mhill an poilitíocht an chüis ar dtús is anois tá sé ró dhéannach
tabhair freagratabhair freagra #6 Cladhbh Mac Oireachtaih 10 Eanáir 2012, 19:55 GMT
Níl sé ródhéanach ar chor ar bith. Ba cheart dúinn rud éigin a dhéanamh chun an tír a mhúscailt. Murach Raidio na Gaeltachta agus TG4 cheapfá go raibh cónaí orainn ar an ngealach.
tabhair freagratabhair freagra #7 Páid Ó Donnchú 18 Eanáir 2012, 14:21 GMT
Thar cíonn a Dhonncha. Ní dóigh liom go bhfuil an t-uafás meas ag ceachtar againn ar John Bruton ach ceapaim féin nuair a dúirt sé go bhfuil againn sa dtír seo 'Government of the people, by the Civil Service, for the elite', bhí pointe aige.
tabhair freagratabhair freagra #8 Alan Ó 19 Eanáir 2012, 16:49 GMT
Conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa 21ú haois? Tús maith- I mo thuairmse- ná Gaeltacht a bhunaigh i príomh-chathair na tire. Tá sé amaideach an scéal a phlé gan é sin a dhéanamh, mar tá beagnach 50% des na ndaoine in a gconái sa limistéar Mórcheantar BÁC.

Rud eile, ná go bhfuil an-chuid de foirgneamh agus talamh I mBÁC faoi smacht an rialtas I gcomlacht GNBS (NAMA) ag an am seo, agus más bhfuil fonn nó dúil ag an Bhunaíocht an Ghaeilge a chur chun cinn bá cheart go bhfuil plean ann chun Gaeltacht abhunaigh.

• Ar lámh amháin tabharfaidh sé seans do daltaí agus do breis agus milliún dhaoine a bhfuil suim sa teanga triall abhaint as an teanga go minic. Ní bheidh acu turas a dheánamh chun dul chuig Bean an Tí sa Iartrar nó sa Deisceart........ach bhféidir fadbh é seo don Rialtais.
• Tabhairfaidh sé muiníon do Ghaelgoirí an Oirthear, cé go bhfuil comhthéas nua-aimsire ag an teanga.
• Agus cad faoin turasóirí?? Níl aon dabht agam go mbeadh tarraingt mhór nua sa chathair dá mbeadh nua-Gaeltacht ann. Samhlaígh: turasoirí i Teach Tabhairne Éireannacht i mBÁC ag iarraidh deoch a fháil as Gaeilge?! Amaideach? Bhí mise sa Bheilg roimh Nollaig, agus bhain mise triall as an rud chéanna i bhPléimeannais – sin teanga fíor-deachair!

Tá seans againn dea-rud a dhéanamh ar son na Gaeilge. Níl aon ghá bheith ag fanacht don Rialtais- FF, FG, LO etc. Tá againn é a dhéanamh- cosúil le Dubhglas de hÍde.
tabhair freagratabhair freagra #9 Adrian Breathnach 1 Feabhra 2012, 20:40 GMT
An cheart ar fad agat, aontaím go huile s go hiomlán. Ach ta an 25-27 Samhain, an chóngarach i ndiaidh an Oireachtais, bfhéidir an deireadh seachtaine timpeall Lá Fhéile Pádraig mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus chun náire a chur ar na Seoiníní a bhíonn ag luascadh ár mbrat ar an 17ú lá!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!