tabhair freagratabhair freagra #1 Conchubhar Ó Dálaigh 3 Eanáir 2012, 22:51 GMT
A Bhearnaí, a chara
An ndearnadh aon tagairt sa tsraith teilifíse "The First Australians" ar scileanna feirmeoireachta mhuintir dhúchais na hAstráile? Más buan mo chuimhne ní dhearnadh. Go raibh maith agat as do chuid ailt faoin ábhar seo.
tabhair freagratabhair freagra #2 Micheál MacOireachtaigh 5 Eanáir 2012, 17:35 GMT
Bail ó Dhia ort, a Bhearnaí
Go raibh maith agat as ucht tagairtí an-fóinteach, ba mhaith liom an leabhar ó Gammage a 'sheiceáil amach'. Bhi me in Astráil agus 'Blue Mountains' ach ar tamall gearr anuraidh. Luíonn sé le reasún, má dhéanann tú machnamh air, gur fhoghlaim na bundúchasaigh slite seiftiúil, agus rathúil, 'inbhuanaithe', chun maireachtáil leis an dtimpeallacht nádurtha, tar eis 10,000 bliain a chaitheamh ann. Ni raibh a lán acu maidir le teicneolaiocht, ach bhi eolas domhain acu ar an dtimpeallacht, agus meas acu uirthi freisin! Rinne sé ionadh orm, an dearcadh a bhi ag Darwin futhu, ach cuireann sé sin léargas dúinn cé chomh domhain a bhí an meon ann an uair sin.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 6 Eanáir 2012, 20:58 GMT
"Is mór an trua é nach raibh na luathchoilínigh réidh le foghlaim uathu sular léirscriosadh an tsaíocht."

Bhí cluiche eile ar a gcroí: goid na talún. Ní raibh siad le ceart bainistí a ligint le daoine "nach raibh ceart talún" acu, dar leo
tabhair freagratabhair freagra #4 Bearnaí 8 Eanáir 2012, 00:28 GMT
> A Bhearnaí, a chara
> An ndearnadh aon tagairt sa tsraith teilifíse "The First Australians" ar
> scileanna feirmeoireachta mhuintir dhúchais na hAstráile? Más buan mo
> chuimhne ní dhearnadh. Go raibh maith agat as do chuid ailt faoin ábhar
> seo.
Ni cuimhin liom ach an oiread, a Chonchubair, go raibh aon tagairt sa tsraith, ce gur thug na cláir cothrom na Féinne don mhuintir dhúchais agus dá saoícht.
tabhair freagratabhair freagra #5 Bearnaí 8 Eanáir 2012, 00:36 GMT
> "Is mór an trua é nach raibh na luathchoilínigh réidh le foghlaim uathu
> sular léirscriosadh an tsaíocht."
> Bhí cluiche eile ar a gcroí: goid na talún. Ní raibh siad le ceart
> bainistí a ligint le daoine "nach raibh ceart talún" acu, dar leo

Aontaím leat, a Fhirn, go raibh sé ní b'éasca ag na coilínigh an talamh a thógáil nuair a mheas siad (nó nuair a lig said orthu féin) nár thuig an mhuintir dhúchais na téarmaí úinéireacht agus bainistíocht. Ní raibh díshealbhú i gceist, mar sin.
tabhair freagratabhair freagra #6 Fearn 8 Eanáir 2012, 19:41 GMT
. Ní raibh
> díshealbhú i gceist, mar sin.

Tuigim duit, a bhearnaí.
Muna raibh "díshealbhú" i gceist, is dócha é cionn is gur chaitheadh leo mar "ainmhithe fhiáine" na talún iad, amhail éanlaith nó géim.
Muna bhfuil dul amú orm, bhí stádas "ainmhithe" acu suas go 1967.
Agus céad bliain ó shoin, nach raibh "spórt" ina sealg?

Alt maith, a Bhearnaí
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!