tabhair freagratabhair freagra #1 Aonghus Ó hAlmhain 4 Deireadh Fómhair 2011, 22:17 GMT
Anois, sin iriseoireacht! Seo an píosa is fearr ar MFG atá léite agam, agus is maith liom an tátal atá á bhaint agat as!
tabhair freagratabhair freagra #2 Tiarnán De Hál 4 Deireadh Fómhair 2011, 22:40 GMT
Lasair sa bharrach agat arís i míosa a Bhreandáin. Sáranailís!!
tabhair freagratabhair freagra #3 Seán P. 5 Deireadh Fómhair 2011, 13:07 GMT
Tá tú arais a Bhreandáin. Cheapas ar feadh tamaill go raibh tú imithe i bhfolach tar éis flak na míosa seo caite.
tabhair freagratabhair freagra #4 Éamonn Mac Niallais 6 Deireadh Fómhair 2011, 11:52 GMT
'Is minic fosta go mbíonn dul amú ar bhaill de bhoird sa tír seo faoin ról atá le cur i gcríoch acu.' Sin an rud criticiúil measaim féin. Tá athbhreithníú ó bhun le déanamh ar ról na mboird Stáit agus ról na comhaltaí agus ní fadhb é seo atá teoranta do na heagrais Gaeilge agus Gaeltachta. Ba chóir mar shampla go mbeadh gearrchúrsa riachtanach do chuile chomhalta boird úr ar dheachleachtais, dualgais, feidireachtaí agus araile. Ba chóir go mbeadh ar chuile dhuine atá ag feidhmiú ar Bhord Stáit an gearr chúrsa seo a dhéanamh chuile 5 bhliana nó mar sin le coinneáil suas le forbairtí ó thaobh rialachais, deachleachtais, cúrsaí eitice agus araile.
tabhair freagratabhair freagra #5 aonghus 6 Deireadh Fómhair 2011, 13:42 GMT
> Ba chóir mar shampla go mbeadh gearrchúrsa riachtanach do
> chuile chomhalta boird úr ar dheachleachtais, dualgais, feidireachtaí agus
> araile.
Tá ciall leis sin.

Sílim gur gá idirdhealú freisin idir feidhm stiúrtha an Bhoird agus an deis a thabhairt d'ionadaithe an phobail comhairle a chuir nó eolas a lorg.

I scoil, mar shampla, bíonn Bord Bainistíochta - ach freisin Coiste na dtuismitheoirí.
tabhair freagratabhair freagra #6 Annie Bheag 7 Deireadh Fómhair 2011, 15:07 GMT
An-suimiúil go deo. Cheapas ar dtús nach bhféadtaí comhlacht ollmhór mar Apple a chur i gcomparáid le MFG. Ach anois tá an pingin tite. Níl ach ochtar ar bhord Apple, ceann de na comhlachtaí is mó agus is rathúla ar domhain, ach tá 24 ar bhord MFG, comhlacht atá i bfhad níos lú ach atá ar cheann de na comhlachtaí is mí-éifeachtaí i dtír bheag ergo a laghad baill is ea is éifeachtaí na hoibre
tabhair freagratabhair freagra #7 Orla 18 Deireadh Fómhair 2011, 16:03 GMT
Anailís don chéad scoth a Bhreandáin.
tabhair freagratabhair freagra #8 Rachel 2 Samhain 2011, 15:37 GMT
:l ........ :p
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!