« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 11 Meán Fómhair 2011, 00:40 GMT
"ach mairfidh an 11ú Meán Fomhair 2001 go deo. "

Molaim don Mheiriceánach dearmad a dhéanamh de, agus éirigh as siocair na nionsaithe .i. a ladar a chur i dtíortha eile gan iarraidh gan chúis
tabhair freagratabhair freagra #5 An Cainteoir Dóchais 11 Meán Fómhair 2011, 13:42 GMT
Go deimhin, is maith is cuimhin liom féin cá raibh mé an lá úd. D'fhág mé an obair go luath agus chuaigh go teach tábhairne, áit ar bhuail mé le cara Meiriceánach liom. Chuir muid péire piontaí Guinness in aice a chéile ar an tábla mar a bheadh an dá thúr i Nua-Eabhrac agus, de réir mar a bhí á ól againn astu, ba shiombail é sin de na túir ag titim chun talaimh. Ar eagla na míthuisceana, bíodh sé ráite nach le tarcaisne ach le hómós a rinne muid sin.
tabhair freagratabhair freagra #6 Harp 14 Meán Fómhair 2011, 01:24 GMT
"Molaim don Mheiriceánach dearmad a dhéanamh de, agus éirigh as siocair na nionsaithe .i. a ladar a chur i dtíortha eile gan iarraidh gan chúis"

Monday morning quarterbacking…á la ‘piolla na maidine dár gcionn a shlógadh!’
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 14 Meán Fómhair 2011, 11:58 GMT
> Monday morning quarterbacking…á la ‘piolla na maidine dár gcionn a
> shlógadh!’

An Hail Mary Pass é sin??
tabhair freagratabhair freagra #8 Harp 15 Meán Fómhair 2011, 21:32 GMT
An Hail Mary Pass é sin??

Mejor dicho:
Nuair a bhíonn na liobrálaithe fríth-Mheiriceánach i ndeireadh na feide, bíonn siad ag caitheamh An Hail Mary pass!!
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearn 16 Meán Fómhair 2011, 12:53 GMT
> An Hail Mary Pass é sin??
> Mejor dicho:
> Nuair a bhíonn na liobrálaithe fríth-Mheiriceánach i ndeireadh na feide,
> bíonn siad ag caitheamh An Hail Mary pass!!

An taise do na Meiriceánaigh fríth-liobrálacha??
tabhair freagratabhair freagra #10 Harp 16 Meán Fómhair 2011, 23:23 GMT
“Má tá boladh tais na teipe ar dhaoine liobrálacha, tá braon taise de dhíth,n’est pas!??...cúpla cupán tae!!...agus mothóidh siad feabhas mór orthu féin dá bharr!”

Beatha agus sláinte uaim chun na liobrálaithe,
Michelle Bachmann
The Tea Party
(Is mise le greann agus aoir,)
Harp
tabhair freagratabhair freagra #11 Harp 25 Meán Fómhair 2011, 01:10 GMT
"rinneadh scrúdú iomlán ar mo reitine agus ar mo mhéarlorga, mar a dhéantar le gach éinne nach saoránach Meiriceánach é ar a bhealach isteach sa tír."

A Bhrian a chara
Cén fáth nár iompaigh tú i do shaoránach Meiriceánach cheana féin?!?
tabhair freagratabhair freagra #12 An Cainteoir Dóchais 28 Meán Fómhair 2011, 18:22 GMT
> A Bhrian a chara
> Cén fáth nár iompaigh tú i do shaoránach Meiriceánach cheana féin?!?

Bheadh Brian fós ar an liosta amhrais toisc ainm neamh-Mheiriceánach a bheith air! :-)
tabhair freagratabhair freagra #13 Harp 29 Meán Fómhair 2011, 23:42 GMT
"toisc ainm neamh-Mheiriceánach a bheith air! :-)"

Toisc Bladar tóna neamh-Mheirceánach a bhíonn sé a scríobh, dar liom!
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!