tabhair freagratabhair freagra #1 séamus ó murthaile 8 Meán Fómhair 2011, 21:13 GMT
Bhíos i láthair ag seimineár i halla na cathrach corcaigh mar ar labhair an t-údar thuasluaite ag commóradh de chuid na Mainistreach Thuaidh. Staraí sáreolgaiseach, líofa de chuid na heite deise is ea é, sa champa céanna le E Harris etc. Dála harris et al roghnaíonn sé fíricí agus dála de chuid stair na hÉireann a thagann lena chlaondearcadh féin agus tugann sé droim láimhe scun scan do na hargóintí agus na fíricí a bhaineann an bonn uaidh féin nó nach dtagann lena 'chlár oibre' féin. Mhol sé leabhar Gerard Murphy 'Disappearances' go hard na spéire an oíche úd, bíodh is go n-admhaíonn Murphy féin (fear nach staraí é ná baol air) 'i might be wrong'. Mhaslaigh JP Tom Barry ó thalamh an oíche chéanna i gCorcaigh chomh maith. Laoch mór eile aige dar ndóin ab ea Peter Harte, an staraí a chuireann agallaimh ar na mairbh -iad siúd a ghlac páirt i Luíochán Chill Mhichíl ar 'labhair Harte leo!' Dá fheabhas é JP mar staraí níl ann ach an sop in áit na scuaibe mar nach dtéann sé ad fontes ina chuid taighde agus níl sé macánta ina chuid breithiúnas, chomh fada agus a bhaineann le stair na hÉireann de. Nach méanar dó agus scilling na Coróineach á glacadh aige?? Mar fhocal scoir mholfainn dó www.aubanehistoricalsociety.org a ghnáthú agus an dráma 'Tom Barry' a fheiscint muna bhfuil sé feiscthe cheana féin aige. Is Corcaíoch mise, leis, agus bheinn sásta cúrsaí staire a phlé leis am ar bith áit ar bith.
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 10 Meán Fómhair 2011, 14:01 GMT
I dtús báire, maith thú a JPMcC as an fealsamh a chuir in aithne dom. Is léir ó do thuairisc go raibh smaointí bhunúla aige. Ach an leor achoimre a thabhairt dúinn ar achoimre ar achoimre eile dá chuid?
Tá tú ag athléamh leagan béarla (Nó a achoimre ) atá ina achoimre ar thráchtas ní b'fhaide a scríobh sé. Tuigim nach mbeadh BEO ina pháirc imeartha cheart don mhíniúchán seo, is dócha; ach ó thug mé sracfhéachaint ar a shaol is ar a shaothar de bharr a scríobh tú, ritheann sé liom nár thug tú a cheart dó: dhe, gidh go bhfuil a smaointe ródhoimhin róchasta.

Agus a eagarthóir, cad chuige an "cur i láthair"seo? :"Bhí John-Paul McCarthy ag athléamh leabhar tábhachtach a scríobh Michel Foucault, leabhar a mbeidh a theideal tráthúil i dtólamh faraor, Madness and Civilization"
Níl fiú amháin an focal "sibhialteacht" sa bhuntheideal .i.Folie et déraison: Histoire de la folie à l'âge classique ( Místuaim agus Éigiall : Scéal na místuaime sna haoiseanna a chuaigh thart )
( Nó mar sin).
Nó an ar son teideal leabharthaí atá tú?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!