tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 9 Lúnasa 2011, 12:16 GMT
Alt éadrom maith é seo.
Ach b'fhiú cur síos éigin ar an ghalar fhéin. Níl fhios agamsa cad é. Cá bhfuil Ollscoil na Bainríona seo? Béal Feirste? Agus tuige a bhfuil nódú agus deonú ball beatha mórluachmhar?
tabhair freagratabhair freagra #2 Lisa Nic an Bhreithimh, Scríbhneoir 20 Meán Fómhair 2011, 23:45 GMT
Go raibh maith agat as an tuairimíocht,

Giotta eolais faoin ngalar féin agus céard é san alt dar teideal 'Fanacht fhada' thuas..

Agus is ea, Ollscoil na Banríona i mBéal Feiriste a bhí faoi thrácht agam

Baineann tábhacht chomh mór sin leis an deonú toisc go n-éiríonn othair an ghalair níos measa de réir mar a n-éiríonn siad níos sine, ní bhíonn sé chomh héasca sin dul i mbun aclaíochta srl. Éiríonn na scamhóga níos laige agus bíonn níos mó is níos mó bactéire orthu mar sin de réir mar a n-éiríonn an othar níos sine, ní oibríonn na frithbheathaigh mar a d'oibrigh siad nuair a bhí an duine óg agus ar deireadh teastaíonn scamhóga nua ón duine. Déantar i bhfad níos mó deonú scamhóg i dtíortha cosúil leis an Spáinn, cé go bhfuil ráta i bhfad níos airde againn den ghalar in Éirinn mar sin caithfidh muid iarracht a dhéanamh tuilleadh deontas a fháil agus mar a dúirt mé san alt ba cheart go mbeadh údarás deonaithe aonar amháin curtha i bhfeidhm sa tír chun go mbeadh freagracht agus comheagar sa chóras, agus mar sin go mbeadh níos mó deontas déanta agus go sabhálfar saol níos mó othar leis an bhFiobróis Chisteach.

Míle buíochas,
Lisa.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 21 Meán Fómhair 2011, 21:52 GMT
Sé do bheatha agus go raibh maith agatsa aríst!!
tabhair freagratabhair freagra #4 Lisa 14 Aibreán 2012, 15:58 GMT
Le gra do mo Dharragh og alainn a cailleadh leis an ngalar uafasach seo i rith na seachtaine Talann Ailleacht agus Spiorad caillte againn
Ar dheis De go raibh a ainm dilis.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!