tabhair freagratabhair freagra #1 Liam_McGonagle 5 Iúil 2011, 17:32 GMT
Is beag an rud nach dtiocfadh cur ina luí ar mhuintir Mheiriceá má éilíonn tú go bhfuil saghas ionsaí diabhalta taobh thiar de.

Bíonn fonn orainn ligint gur boic mhóra dhoscanraithe muid, ach cuir amaidí craiceáilte faoi Mhuslamaigh ar an idirlíne agus beidh muid ag cacáil na mbrístí a luaithe agus atá sé inste dúinn ag Faux News cad is brí leis.

Agus íoróine na híoróine! Faic atá muid ag déanamh faoina hionsaithe á gcleachtadh orainn go poiblí: Scrios Mheiriceá faoi fhiacha luicht an tsaibhris. Chuala mé inniu go bhfuil na Poblachtánaithe ag cur pleananna le chéile don ‘default’ a tharlós nuair a iarrfas siad gearradh cánach do lucht an tsaibhris (aríst eile).
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!