tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 9 Bealtaine 2011, 14:25 GMT
Ní thuigim cad chuige an t-alt seo le MDóhU a chuir i mbéal an phobail ar mhaithe le oifig eile. Fógraíocht? Stocaireacht?

Ach cad faoi an fhir fhéin, seachas a theist fhéin air fhéin?

Cad iad an céimeanna Ollscoile a bhain sé amach, ceann tré Gaeilge máisea? Cad a mhúin sé mar léachtóir Ollscoile? Cad a dhearna sé i Manchuin Shasana agus sa SAM? Ar labhair sé Gaeilge leis an Agallóir, óir tá imireacha Gaeilge Uladh ann nach mbeinn ag súil leis?

Cad iad go díreach a bhain sé amach in dhá fhichead bliain séirbhís phoiblí? Seachas tuairimí cultúrtha aige agus airgead a chuir le Teilifís Gaeilge?

Cad é an “picéad fáilithe” a chuireadh roimhe?

Má “theip” sé i dtaca le craoltóireachta na hEorpa, nach raibh díomua mar an gcéanna aige in Éirinn.

Má labhair sibh faoi Uachtarán SAM, cad chuige nár roinn tú na smaointe seo linn?

Smaointe spéisiúla aige, dar ndóigh, ach ar éirigh leis riamh dul i gcion ar shochaí na hÉireann
tabhair freagratabhair freagra #2 Padraic de Bhaldraithe 30 Bealtaine 2011, 21:14 GMT
> Cad iad an céimeanna Ollscoile a bhain sé amach, ceann tré Gaeilge máisea?
> Cad a mhúin sé mar léachtóir Ollscoile? Bhí sé ina léachtóir sa Socheolaíocht agus sa Pholaitíocht.
> Cad a dhearna sé i Manchuin Shasana agus sa SAM? Go bhfios dom bhí sé i mbun iarchéimeanna sa Socheolaíocht.
> Cad iad go díreach a bhain sé amach in dhá fhichead bliain séirbhís
phoiblí? Bhain sé go leor amach - meas an phobail go háirithe as a ionracas agus a mhisneach. D'fhreastal sé ar éilimh chosmhuintir a Dháilcheantair agus léiríodh é sin sa vóta ard a fuair sé sna toghcháin. Chuir sé go mór le caighdeán agus feabhas na díospóireachta sa Dáil ar réimse leathan ábhar, ach go háirithe ceisteanna a bhain le cearta daonna. Murab ionann agus polaiteoirí eile arbh é riachtanas na heacnamaíochta an bhunchloch atá acu faoi bheartas eachtrach na tíre, is é tuairim Mhicheal D gur cheart go mbeadh a leithéid de bheartas fréamhaithe i gcoincheap na gcearta daonna. Chuir sé deireadh freisin le hAlt 31 an Achta Chraolacháin a bhí mar bhac ar dhaoine a gcuid tuairimí a léiriú - rud a chuidigh le próiseas na síochána sa tír seo.
Is é an chéad duine ar bronnadh an gradam "Seán MacBride Peace Prize of the International Peace Bureau" air in Helsinki in 1992.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 31 Bealtaine 2011, 15:11 GMT
> > Cad iad an céimeanna Ollscoile a bhain sé amach, ceann tré Gaeilge
> máisea?
> > Cad a mhúin sé mar léachtóir Ollscoile? Bhí sé ina léachtóir sa
> Socheolaíocht agus sa Pholaitíocht.
> > Cad a dhearna sé i Manchuin Shasana agus sa SAM? Go bhfios dom bhí sé i
> mbun iarchéimeanna sa Socheolaíocht.
> > Cad iad go díreach a bhain sé amach in dhá fhichead bliain séirbhís
> phoiblí? Bhain sé go leor amach - meas an phobail go háirithe as a
> ionracas agus a mhisneach. D'fhreastal sé ar éilimh chosmhuintir a
> Dháilcheantair agus léiríodh é sin sa vóta ard a fuair sé sna toghcháin.
> Chuir sé go mór le caighdeán agus feabhas na díospóireachta sa Dáil ar
> réimse leathan ábhar, ach go háirithe ceisteanna a bhain le cearta daonna.
> Murab ionann agus polaiteoirí eile arbh é riachtanas na heacnamaíochta an
> bhunchloch atá acu faoi bheartas eachtrach na tíre, is é tuairim Mhicheal
> D gur cheart go mbeadh a leithéid de bheartas fréamhaithe i gcoincheap na
> gcearta daonna. Chuir sé deireadh freisin le hAlt 31 an Achta
> Chraolacháin a bhí mar bhac ar dhaoine a gcuid tuairimí a léiriú - rud a
> chuidigh le próiseas na síochána sa tír seo.
> Is é an chéad duine ar bronnadh an gradam "Seán MacBride Peace Prize of
> the International Peace Bureau" air in Helsinki in 1992.

Cad é seo? Bolscaireacht eile ar a shon?
tabhair freagratabhair freagra #4 Padraic de Bhaldraithe 31 Bealtaine 2011, 18:51 GMT
iarracht ag duine, atá sásta a ainm a thabhairt, freagra a thabhairt ar chuid de na ceisteanna.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 7 Meitheamh 2011, 15:40 GMT
> iarracht ag duine, atá sásta a ainm a thabhairt, freagra a thabhairt ar
> chuid de na ceisteanna.

Iarracht mar dhóigh dhe!!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!