tabhair freagratabhair freagra #1 Concepta 19 Feabhra 2011, 14:26 GMT
Ní maith liom an slí a bhíon Beo! agus Balor ag magadh agus ag caitheamh anuas ar Fhianna Fáil i gcónaí. Gan Eamon De Valera, Eamon Ó Cuiv cá mbeadh an tír seo? Bheadh sé ar maos i gcac lucht Fhine Gael! Fan go bhfeicfear an praiseach a dhéanfar sna blianta romhainn! An síleann sibh go mbeadh Martin McGuinness istigh i Stormont gan obair iontach Albert agus Bertie! Tá Balor (cé hé ???) ina dhuine de threabh na léinte gorma! Bueshirt den chéad grád. Ní ceart é a ligean in aice ríomhaire! Cuireann sé ionadh orm agus daoine maithe ag plé leis an iris - atá iontach i ngach slí eile! Tabharaigí bata, bóthar agus wellington suas a thóin/​tóin don blueshirt sin!
tabhair freagratabhair freagra #2 Liam_McGonagle 24 Feabhra 2011, 21:14 GMT
An síleann tú go mbíonn Cowan agus Lenihan ag cur le hoidhreacht Dev agus an dream sin? Ní hamhlaidh atá a déarfainn.

Agus mar sin le Clinton agus Obama insna S.A.M. An incurtha iad le FDR? Beag an baol. Ní Doanlathaigh iad ar chor ar bith, den tseanmhúnla.

Ní leor AINM an Ghaeil a bheith ar dhuine ach an CROÍ ann /​ inti.

“Beart de réir do bhriathar.”
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!