tabhair freagratabhair freagra #1 Dáithí Ó hAimheirgín 7 Feabhra 2011, 13:25 GMT
Thaithin an t-alt seo liom ach sílim go bhfuil Colm píosa beag dian ar BT atá i mbun urraíochta ar an dTaispeántas le 12 bhliain anuas. Ní dóigh liom go bhfaca sé an lámhleabhar a bhí ar fáil ag an RDS le linn an Taispeántais. Tá réamhrá ann ón bPríomhfheidhmeanach atá i nGaielge chomh maith leis an mBéarla (agus déantar an t-aistriúchán go h-inmheánach taobh istigh d'fhoireann BT). Anuas ar sin, déanann unlabhraí ó BT agallamh faoin Taispeántas le Raidio na Gaeltachta 'chuile bhliain (i mbliana craoladh an t-agallamh ar Glór Anoir ar an Déardaoin, 13ú Eanáir). Seirbhís eile a chuireann BT ar fáil ná tionlachan thart ar an Taispeántas do pholatóirí agus VIPs eile i nGaeilge. Arís, is daoine ó BT féin a sholátharaíonn an tseirbhís seo.
Pointe tábhachtach eile ná go bhfuil an Taispeántas dírithe ar scoilleanna sa tuaisceart chomh maith leis an deisceart, agus tá líon na scoileann ó thuaidh a bhíonn ag glacadh páirte ag dul i méid le blianta beaga anuas, agus tá BT chun tosaigh sa bhfeachtas chun an líon sin a ardú níos mó.
Agus mar fhocal scoir, tá BT eagraithe mar chomhlacht amháin, ó thuadh agus ó dheas agus d'fhéadfá a rá go bhfuil "Eire Aontaithe" bainte amach acu cheanna féin!
tabhair freagratabhair freagra #2 Seosamh Mac Muirí 7 Feabhra 2011, 15:59 GMT
An-ráite a Dháithí, grmma.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!