tabhair freagratabhair freagra #1 April 7 Feabhra 2011, 16:20 GMT
Theip ar íde-eolaíocht an eite chlé gach aon uile áit ar bhain daoine triall as, Meiriceá agus Éirinn san áireamh. Cén fáth mar sin an bhfuil tusa agus Dorgan agus bhur leithéad ag spalpadh amach an cac céana, ag iarraidh orainne níos mó den rud céanna a thriall?

Tá sé thar a bheith am dúinn triall a bhaint as a mhalairt.

An rud atá uainn anois ná a ruaig a chur ar na ''collectivists'' den eite chlé a rinne an damáiste. Ní theastaíonn níos mó Sóisialachais uainn. Bhí do sheal agaibhse cheana ó na 20í, agus ní dhearna sibh agus bhur bpolaiteoirí lofa ach praiseach.

I mo thuarimse féin, tá rud amháin gur cheart do na daoine ón nglúin romham a rá domsa agus mo bheirt iníon. Rud amháin ba cheart do na daoine ar chaith á gcuid vótaí ar son an eite chlé agus íde-eolaíocht Mharx a rá. Agus é sin: "Tá an-aifeala orainn as ucht a scriosadh agus damáiste a rinne muid."
tabhair freagratabhair freagra #2 Fearn 10 Feabhra 2011, 20:19 GMT
> Theip ar íde-eolaíocht an eite chlé gach aon uile áit ar bhain daoine
> triall as, Meiriceá agus Éirinn san áireamh.

Ní theipeann ide-eolaíochtaí, cé go bhféadfeadh a chur i gcríoch a chliseadh. Mar a dúirt mo dhuine: Níor theip ar an gCríostaíocht, níor cuireadh i gcríoch go fóill é.

Cén fáth mar sin an bhfuil
> tusa agus Dorgan agus bhur leithéad ag spalpadh amach an cac céana,

Bhfuil tú ag maíomh nach gcacann tusa anois is arís?

ag
> iarraidh orainne níos mó den rud céanna a thriall?
> Tá sé thar a bheith am dúinn triall a bhaint as a mhalairt.

Cé hé an "dúinn" seo aagus cad é a mhalairt?

> An rud atá uainn anois ná a ruaig a chur ar na ''collectivists'' den eite
> chlé a rinne an damáiste.

Cé hé an "uainn" agaibhse agus cé hé na ''collectivists''?

Ní theastaíonn níos mó Sóisialachais uainn.

Cad é an Sóisialachas atá agat cheana?

Bhí
> do sheal agaibhse cheana ó na 20í, agus ní dhearna sibh agus bhur
> bpolaiteoirí lofa ach praiseach.

NACH ndearna sibhse agus bhur bpolaiteoiríse lofa agus praiseach freisin?

> I mo thuarimse féin, tá rud amháin gur cheart do na daoine ón nglúin
> romham a rá domsa agus mo bheirt iníon. Rud amháin ba cheart do na daoine
> ar chaith á gcuid vótaí ar son an eite chlé agus íde-eolaíocht Mharx a rá.
> Agus é sin: "Tá an-aifeala orainn as ucht a scriosadh agus damáiste a
> rinne muid."

Beish ort é a phlé leosa, ambaiste!
tabhair freagratabhair freagra #3 April 12 Feabhra 2011, 13:40 GMT
Ar ndóigh, tá tú ag tosú leis an leithscéal céanna atá ag lucht na heite chlé i gcónaí. Chuala mé cheana é.
Deir lucht na heite chlé i gcónaí nach bhfuil aon rud cearr leis an Sosialachas/​Marx-achas/​gCummanachas is araile seachas nach bhfuil siad curtha ar bun i gceart ag na daoine/​an duine ceart.
Agus ní féidir liom argóint leat, a Fhirn, agus d'intinn a athrú mar gur coinníoll dolíonta craiceáilte é sin gan loighic ar bith, an leithscéal thuas, nach ea?

Ar aon chaoi, is leor nod don eolach.

Teipeann córais atá bunaithe ar ide-eolaíochtaí nuair nach bhfuil na hide-eolaíochtaí bunaithe ar an bhfírinne nó nuair atá botúin go bunasach iontu.
Agus theip ar gach aon uile corais atá bunaithe ar ide-eolaíocht Mharx, gach aon uile áit atá siad curtha i gcríoch.
Agus tá go leor leor daoine marbh, bocht agus ag fulaingt mar gheall orthu chomh maith.

Is beag seans go bhfuil praiseach déanta ag córais nach bhfuil ann, a Fhirn. Is beag córais a raibh bunaithe ar an eite dheis, a Fhirn. Bhí Méiriceá ag bunú na tíre díreach ar dheis an láir. Agus b'iad Thomas Jefferson agus George Washington polaiteoirí na heite dheis. Níl a léitheid ann inniu, an bhfuil?

Is í an Sóisialachas i réim in Éirinn agus i Méiriceá, fiú, le fada an lá. Agus níos mó bochtainais ann ná a bhíodh riamh.

B'fhéidir nach bhfuil sé ag obair , a Fhirn, mar atá scríofa ar an gcanna, mar a dhúirt mo dhuine. Tarlaíonn sé sin nuair nach bhfuil ach bréag scríofa ar an gcanna sin.
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 13 Feabhra 2011, 23:22 GMT
Cad é an baint ag do reachtaí, a April, agus leis an alt thuas "Tabhair ’om Casúr nó Tua!"?
tabhair freagratabhair freagra #5 April 15 Feabhra 2011, 16:11 GMT
Nach raibh mé do do fhreagra an dara babhta, a Fhirn, agus thú ag cur ceisteannaí orm mar "cén sort Soisialachais atá tú ag caint faoi?". Bhí an cheist sin faoin ''cén sort Sóisialachais'' feicthe 'amsa chomh minic sin atá mé ag déanamh iontas an bhfuil suíomh idirlín rúnda ann le script air curtha ar fáil díobh.

Ach is í an cheist thuas an chéad rud ar fhiafraigh tú díom ar tháinig asat féin.

DAS, An é mo sheal féin é?

Cén bhaint ag Hessel le cé mhéad airgid atá agamsa? Cén bhaint ag Hessel leis an méid bochtanais nó saibhris atá agamsa? Nó leis an méid bochtanais nó saibhris atá ag duine ar bith sa saol seo?
Cén bhaint ag Hessel leis an gcomortas idir duine ar bith? Cé ar chuir cuireadh do Hessel a ladar a chuir isteach i ngnó gach aon 'uile dhuine ar droim an domhain? Nó fiú, tuairim a bheith aige ar ceard is 'dul chun cinn' do gach duine i ngach comharsanacht i ngach tír ar fud an domhain?
tabhair freagratabhair freagra #6 Fearn 15 Feabhra 2011, 19:58 GMT
Shíl mé go raibh tú ag cur an alt thuas trí chéile ach is léir nach raibh.

Ós rud gur scríobh tú : "Agus ní féidir liom argóint leat, a Fhirn,", fágaimis ina chodladh é
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!