tabhair freagratabhair freagra #1 Bob 7 Nollaig 2010, 01:48 GMT
(Excuse my writing 'as Béarla')

Instead of getting all worked up over whether or not the 'Straitéis fiche bliain' is going to fail or not because of the economy going down the toilet, we should be doing what we can to support the next generation of Irish speakers.

There are 400,000 people who are (apparantly) able to read and write in Irish. There are teachers of Irish, professors of Irish, students of Irish, journalists who write in Irish. More of these people should be contributing to Irish Wikipedia

http:/​/​ga.wikipedia.org/​wiki/​Pr%C3%ADomhleathanach

Irish Wikipedia is a project that the entire Irish speaking community needs to get behind. We need an encyclopedia to help educate learners but through the Irish language. While it exists, it lacks contributors to create and improve articles.

So if you love your langguage then do your bit for Irish. It's simple to contribute - to create an article just press 'cabhair' and then 'tus a chur le leathanach nua' and type in the name of your article. It doesn't have to be long, a sentence or two is fine - you can always come back to it later.

To improve an article, just press 'Cuir in eagar'

The 'Straitéis fiche bliain' may be long forgotten in twenty years - but Irish Wikipedia won't be. So lets get it ready for the next generation of Irish speakers.....
tabhair freagratabhair freagra #2 Darren Mac an Phríora 7 Nollaig 2010, 13:04 GMT
Labhair mé le hÉamonn Mac Niallais ó Ghuth na Gaeltachta faoin plé a bhí sa Dáil ar an Straitéis ar NearFM:http:/​/​nearpodcast.org/​podcast/​index.php?id=511
tabhair freagratabhair freagra #3 Colin Ryan 13 Nollaig 2010, 03:06 GMT
Is dócha go bhfuil an ceart ag an údar i ngeall ar an méadú is féidir a dhéanamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Ansin féin bheadh na figiúirí éiginnte agus beidh go deo. Is fiú a chuimhneamh freisin go bhfuil líon éigin cainteoirí líofa lasmuigh d'Éirinn, rud is ceart a chur san áireamh agus an cheist seo á scagadh ina hiomláine.

Braithim go bhfuil dóchas fós ag an údar gur féidir an Ghaeltacht (nó a hiarsma) a thabhairt slán - dóchas gan bhunús, de réir na fianaise a sholáthair an t-údar féin in áiteanna eile. Is mó ab fhiú an teanga a mhúineadh le fonn agus le héifeacht sna scoileanna lán-Bhéarla ach níl sé de chumas ag an gcóras a leithéid a dhéanamh. Dá mbeadh an teanga níos treise sa Ghalltacht ní bheadh sí chomh lag sin sa Ghaeltacht.

Maidir le Vicipéid (mar atá luaite thuas), comhartha í ar staid na Gaeilge sa domhan mór - beagán di ar fheabhas, cuid di lag go leor agus gá aici le feabhsú trí chéile. An dea-mhéin ann i gcónaí, ar ndóigh. Is agamsa is fearr a fhios - is minic ag cur leis an Vicipéid chéanna mé.
tabhair freagratabhair freagra #4 Páid 16 Nollaig 2010, 19:15 GMT
Ach, céard is Gaeilgeoir ann? Duine a dheireann an Ár N-Athair as Gaeilge gach seachtain? Nó duine a labhrann cupla focal lena páiste scoile 'chuile lá scoile? An bhfuil aon rangú a dhéanamh idir iad seo agus an té atá ag maireachtáil trí Ghaeilge i bpobal Gaelach?
Feictear dhomsa nach mbeimid in ann mórán dul chun cinn a dhéanamh, nó feabhas/​donacht a aimsiú, gan córas ceart meastacháin a bheith againn.
Molaim do lucht acadúil córas tomhaise nua a chumadh. Bheadh an córas seo in ann slat tomhais a chuir ar dhuine agus pobal. Bheadh duine in ann grád a bhaint amach am ar bith ina chumas tuisceana, cainte, léamh agus scríobh na Gaeilge. Mhairfeadh an marc ar feadh tréimhse, bliain mar shampla, agus bheadh plean pearsanta teanga bainteach leis an marc, chun é a fheabhsú an chéad bhliain eile.
Agus bheadh pobail agus eagraíochtaí in ann iad féin a mheas.

Cuir i gcás Baile Go Siar: Daonra 1000: 150 duine le marc. Scór iomlán 674 (tuiscint) 333 (cainte) 101 (léamh) 36 (scríobh).

As seo, bheadh plean teanga baile in ann spriocanna áirithe a aimsiú, agus ba léir don phobal cá seasann siad agus céard a bheadh le déanamh ag gach duine go pearsanta.
tabhair freagratabhair freagra #5 liam 17 Nollaig 2010, 14:13 GMT
tá an t-alt an-suimiúil agus na moltaí atá ag an t-udar réadúil.
Níl morán Gaeilge agam ach an méid atá agam tá mé lan-toilteanach é a labhairt. Níl seans agam Gaeilge a labhairt san oibre - ach chuir mé cúrsa comhará ar fáil san oific leath uair amháin sa seachtain ag am lóin - baineann dé gnáth timpeall 4% de na h-oibrí usáid as - sin an méid - agus mé féin san aireamh sin.
Mar nach mbíonn morán seans agam leabhairt as Gaeilge, caithaim an Fáinne - ag siúl go bhfeicfeidh Gaeilgeoirí é agus go gcuirfidh siad caint orm - ach tar éis 6 míosa - ar a laghad, tá mé in ann comhair ar mo dhá lámha an méid daoine a labhair liom dá réir.
Chaitear a lán a dheanamh chun an taithi sin a athrú.
Mar go bhfuil an méid sin daoine dífostaithe, ba ceart scéim a chuir i bhfeidhm dóibh Gaeilge a fhomhlaim is a cleachtú leis na múinteoirí atá ag lorg oibre agus bónas beag a thabhairt in a taidlaíoch má éiríonn leo caighdeán airithe a bhaint amach - bíodh níos mó seans ag an Stratais - chuirfidh sé brí i seol na Gaeilge - agus dtiochfaidh feabhsú ar féin-muinín na dífostaithe go féidir leo difríocht a dheanamh sa tír agus dá todhchaí.
Gabh mo leithscéil as mo Gaeilge agus mo litríocht.
tabhair freagratabhair freagra #6 Igcumhne81 23 Nollaig 2010, 15:57 GMT
Bhí smaoineamh agam faoi cabhair a thabhairt don theanga. In ionad (nó in éinleacht le) díriú ar do "Carbon footprint", céard faoi do "Ghaeilge footprint?". An aidhm bhunúsach ná Gaelige a labhairt nó a chleachtadh i rith do chursaí saol féin. Is rud difiriúl é in ionad "cúpla focail", mar beidh tú a chur feabhas aithne ar an dteanga an t-am go léir.
An cuid is mó den fadhb atá ag íomha an dteanga ná nach bhfuil sé coitianta é a chliostéal taobh amuigh an scoil agus ar RTE "An nuacht".
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!