tabhair freagratabhair freagra #1 Dara 12 Nollaig 2010, 11:00 GMT
Dhá cheist agam ort, a Ríona. 1. Nach bhfuil locht ar an taispeántas mura luaitear ach ar éigean an ról a bhí ag an Maolagánach i ngluaiseacht an chonartha? Cén fáth gur dearnadh neamhaird den obair sin, meas tú? 2. Cén chaoi ar tharla sé go raibh pobal léitheoireachta ag an Shan Van Vocht san Airgintín agus cén chaoi ar cuireadh cóipeanna an nuachtáin amach ansin!
tabhair freagratabhair freagra #2 Ríona 5 Márta 2011, 15:59 GMT
Ní maith liom an téarma ‘locht’ ná ‘lochtach’ ach is fíor dhuit go bhfuil bearna sa taispeántas toisc nach bhfuil gníomhaíochtaí Ní Mhaolagáin ar son an Chonartha luaite ann. An chúis atá leis sin ná nach bhfuil aon Ghaeilge ag an té a bhí i mbun an taispeántais.

Maidir leis an Airgintín, chuaigh an-chuid daoine ón tír seo ar imirce go dtí an Airgintín ag deireadh an naoú haois déag, toisc go raibh an-rath ar gheilleagar na tíre sin ó na 1880í go dtí tús an fhichiú haois. Bhí nuachtáin na hÉireann ar fáil ar fud an domhain ag an tráth sin – bhí córas díolacháin an-éifeachtach acu!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!