« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #5 Antaine de Brún 6 Nollaig 2010, 22:12 GMT
Táimid ag gol in áit na maoiseoige.
tabhair freagratabhair freagra #6 mícheál 7 Nollaig 2010, 08:56 GMT
Sea ach ní raibh a fhios againn go raibh an cath á chailliúint go dtí go raibh sé caillte
tabhair freagratabhair freagra #7 Concubhar 8 Nollaig 2010, 14:05 GMT
Nach léiríonn na staitisticí atá nochtaithe ag an gCoimisinéir Teanga gur in olcas atá rudaí ag dul ó ceapadh é agus sa chás sin cad is fiú Coimisinéir Teanga....
tabhair freagratabhair freagra #8 Ger 8 Nollaig 2010, 17:33 GMT
Ní bheadh an t-eolas rúnda seo ar eolas againn murach sár-obair an Choimisinéara a nochtaigh an fhírinne dúinn
tabhair freagratabhair freagra #9 Colin Ryan 10 Nollaig 2010, 05:31 GMT
Mar dhuine nach Éireannach é, is ait liom an scéal seo (seanscéal) faoi ghanntanas Gaeilge sa Státchóras in Éirinn. Níl ann ach léiriú eile ar an bpraiseach a rinneadh riamh de mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna lán-Bhéarla. Is féidir teanga ar bith a mhúineadh le héifeacht ar an mbunscoil féin ach sin cleas a chuireann mearbhall ar na hÉireannaigh, agus tá a rian sin ar na Ranna stáit. Fágann sin nach bhfuil an dara rogha ag na Ranna céanna ach “daoine le Gaeilge” a thabhairt isteach – iardhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge, is dócha. Ní líonmhar an dream iad. Is breá liom Béarla blasta na nÉireannach agus sin é an teanga a bheidh faoi réim sa Státchóras go ceann i bhfad.
tabhair freagratabhair freagra #10 Taidhgín 13 Nollaig 2010, 23:52 GMT
D'oibrigh mise sa Státseirbhís sna seascaidí - caoga bliain ó shin. Bhíodh orainn scrúdú cainte a dhéanamh i measc scrúdaithe eile leis an jab a fháil agus chaithfeá scrúdú cainte eile a dhéanamh taobh istigh de bhliain le taispeáint gur chuir tú feabhas ar do chuid Gaeilge i rith an ama sin. Chaithfeá a leithéid a dhéanamh arís agus arís eile dá mba mhian leat dul chun cinn ó ghrád go grád. Bhí roinnt cainteoirí dúchais inár measc agus b'fhurasta dúinn ár gcuid Gaeilge a chleachtadh leosan. Caithfidh gur imigh sin is gur tháinig seo.
tabhair freagratabhair freagra #11 Seán P. 14 Nollaig 2010, 09:32 GMT
Tá rian an tseanchórais le feiceáil a Thaidhgín i do chuid Gaeilge blasta, deascríofa. Is beag ball den státseirbhís a bheadh in ann a leithéid a scríobh nó a chur in iúl anois. Is mairg nach bhfuil níos mó daoine cosúil leatsa ann anois agus is mairg go bhfuil deireadh leis an tseanchóras
tabhair freagratabhair freagra #12 Jeanie 16 Nollaig 2010, 15:45 GMT
Tá go leor eolais agus taighde san alt breá sin agus beidh sé úsáideach domsa mar mhacléinn i mo chuid staidéir. Go raibh maith agaibh
tabhair freagratabhair freagra #13 Páid 29 Nollaig 2010, 18:32 GMT
> Nach léiríonn na staitisticí atá nochtaithe ag an gCoimisinéir Teanga gur
> in olcas atá rudaí ag dul ó ceapadh é agus sa chás sin cad is fiú
> Coimisinéir Teanga....

Is ea, tá an cheart agat a Chonchubar. Agus ó thosaigh an ceann blondie sin ag tabhairt amach tuar na haimsire ar TG4, ní bhfuair muid ach fuacht agus sneachta. Fáigh réidh lei in ainm Dé!
tabhair freagratabhair freagra #14 Nollaig O Néill 30 Nollaig 2010, 16:30 GMT
I mo thuairim, tá na roinne éagsúla ag déanamh a ndícheall chun an ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn sa Stáitseirbhís agus oibrím mar Stáitseirbhíseach - nach bhfuil an seandearcadh le sonrú anseo - gearán - gearán - gearán - tá meon dearfach ag teastáil anois - diriú ar na cainteoirí - an Ghaeilge a úsáid - agus a fháil ré le ochón agus ochón ó -
Nollaig O Néill
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!