tabhair freagratabhair freagra #1 Liam_McGonagle 5 Samhain 2010, 19:00 GMT
Bhuel, i mo thuairim féin, tá an fhadhb níos doimhne ná sin agus níl insa chacamas “Citizens United” ach tuar de ghalar níos marfai: toll faoi institiúidí poiblí ag an earnáil phríobhaideach.

Le leathchéad bliain anuas bhí an ráta leithlisuithe an phobail ag ardú. Tá na sluaite de shiomptóim de ann: dianuaireannta oifige á síneadh, bogadh go dtí “exurbs” iargúlta nach bhfuil gaolta ná cairde ná comhoibrithe féin acu ann, níos mó ama caite acu ag béilí aonair agus breathnú ar an teilefis seachas páirt a ghlacadh i gcuideachtaí spóirt agus araile.

Murab ionann agus na seanlaetha ní thugann siad faoi oifigí rialtais aitiúil. Bhí mo sheanathair ina constable dá chontae agus ina justice of the peace agus bhí a athair roimhe ina delegate don ardfheis an pháirtí phoblachtánaigh go rialta. Ach mise agus m’athair féin, ní dhéanaimid faic ach vóta a chaitheamh uair sa ré. Bhuel, tá mise féin ag éirí níos gniomhaí ar na mallaibh, ach le fada bhí drogall orm roimh an pholaitíocht.

Murab ionann agus na seanlaetha, ní bhailíonn daoine le chéile riamh seachas chun gnó práinneach a phlé. Agus sin an chúis, a cheapaim, go gcuireann an pobal níos mó iontaoibh sna gnólachtaí móra a noibríonn siad dóibh nó leo ná an rialtas ar chaith siadsan féin a vóta dóibh.

Is ait an rud sin ar fad, mar is ‘tabhairt uait gan tabhairt duit le haghaidh brabúis a thógáil’ an mana na hearnála priobhaidí, institiúid atá bunaithe ar an tsaint agus ar an chreach.
tabhair freagratabhair freagra #2 Harp 5 Samhain 2010, 20:24 GMT
Seo dúinn arís Brian “Winnie the Pooh” Ó Broin avec caoineadh liobrálach de réir cineáil:Más Dona Maol is measa Mullach…Marbh le Tae is Marbh gan É…faoi mar a bhí an spéir ag titim…ach ní féidir leis an fhírinne a admháil:Tháinig iompú bisigh ar Mheiriceá!!
tabhair freagratabhair freagra #3 Nollaig O neill 9 Samhain 2010, 17:37 GMT
faoi láthair sna Stáit Aontaithe ta sé soiléir nach dteastaíonn ón bPairtí daonlathach freagracht a ghlacadh as chúrsaí caitheachas - an féidir leat airgead a chaitheamh an t-am ar fad chun do dheachrachtaí a fheabhsú /​ cheartú? Ce go bhfuil an páirtí Tae lion lán le smaointe agus daoine aisteacha, is dócha go bhfuil siad chun neartú amach anseo - agus creid ná ná chreid beidh Bean Uí Palin an t-Uachtarán i gceann cupla bliain - ní tharlóidh sé in aon áit seachas Meiricea - ach tarlóidh sé ansin............
tabhair freagratabhair freagra #4 Harp 11 Samhain 2010, 22:55 GMT
Mama grizzly-Sarah Palin

Tá pearsantacht fhuinniúil uirthi, ceart go leor, agus tá cáilíochtaí do phost aici, ach ní iompóidh sí ina uachtaráin, abair, níl cuma uachtaráin uirthi à la Maggie Thatcher, mar shampla… nach bhfuil sí ach gaotaire de ghlór polltach ar eite dheas.

Tiocfaidh Chris Criste, Gov. de Nua Gearsaí mar iarrthóir sa bhliain 2012…Tá Brian Ó Broin ina chónaí i Nua Gearsaí nach ea?! Agus dá n-iompódh Chris Criste ina uachtaráin, an gcuirfidh Brian lámh ina bhás féin?!!Scig! Scig!
tabhair freagratabhair freagra #5 Harp 13 Samhain 2010, 02:25 GMT
> Mama grizzly-Sarah Palin
> Tá pearsantacht fhuinniúil uirthi, ceart go leor, agus tá cáilíochtaí do
> phost aici, ach ní iompóidh sí ina uachtaráin, abair, níl cuma uachtaráin
> uirthi à la Maggie Thatcher, mar shampla… nach bhfuil sí ach gaotaire de
> ghlór polltach ar eite dheas.
> Tiocfaidh Chris Criste, Gov. de Nua Gearsaí mar iarrthóir sa bhliain
> 2012…Tá Brian Ó Broin ina chónaí i Nua Gearsaí nach ea?! Agus dá n-iompódh
> Chris Criste ina uachtaráin, an gcuirfidh Brian lámh ina bhás féin?!!Scig!
> Scig!

Aguisín
Chris Criste…Is Gov. poblachtach é de Nua Geirsí.

Fad saol do Bhrian Ó B. agus do chairde go léir!!

H
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!