tabhair freagratabhair freagra #1 Donncha O hEallaithe 8 Deireadh Fómhair 2010, 11:01 GMT
Tá ceartúchán beag le déanamh agam ar líon na suíochán a mheasaim a bhéas ag na páirtithe éagsúla tar éis an chéad Ollthoghchán eile. Na figiúirí a thugas san alt, bunaíodh iad ar anailís a deineadh ar an 43 Dáilcheantair mar a bhí don Ollthoghchán deireannach. Don chéad ollthoghchán eile beidh athrú ar líon na suíochán Dála i gceithre cinn dena Dáilcheantair: beidh ceathrar le toghadh in áit triúr i mBaile Átha Cliath Thiar agus an t-athrú céanna i Lú; beidh ceathrar le togha in áit cúigear i nDún Laoghaire agus i gCathair Luimní nó Luimneach Thoir mar a bhíodh air. Creidim goi dtabharfaidh na socraithe sin suíochán breise don Lucht Oibre agus gur Fine Gael a bhéas thíos leis.

Seo a leanas mo mheastúchán ceartaithe ar cé mar a sheasfaidh na páirtithe th'éis ollthoghchán: FF (49), FG (57), LO (44), SF (9), CG (1) agus Eile (6).

Más spéis le aon léitheoir an briseadh síos do réir na nDáilcheantar a fheiceáil, níl le déanamh ach seoladh ephost a chur chugam ag doheallaithe@gmail.com.
tabhair freagratabhair freagra #2 Sean Ó Meara 11 Deireadh Fómhair 2010, 17:28 GMT
Cá hiad na himpleachtaí don Teanga Gaeilge dá mbeadh Éamonn Gilmore mar thaoiseach? An gcuirfeadh sé ar bhonn seasamhach sa Dáil Í ( abair 1/​2 huair a chluig sa ló).. Táimíd bréan de Enda Kenny is Brian Hayes is tuile atá á mbagairt..Ní cóir go dtugadh an Pobail Gaeilge vóta ar bith d'éinne ach do Ghaeilgeoirí. Táimíd mar sicín gan cheann anois gan taca sa Dáil faoi (níor luaiodh Teanga Dála ar scor ar bith sa Straitéis Fiche Bliain! 'Muidne' agus 'Sibhse' ata ann!
tabhair freagratabhair freagra #3 john 18 Deireadh Fómhair 2010, 21:06 GMT
Is í an Straitéis Fiche Bliana anois an port nua ag na Gaeilgeoirí proifisiúnta. Ná bíodh imní oraibh leaids, nuair a bheas sé seo foilsithe beidh spriocanna nua, seoladh oifigiúil, plean oibre agus mar sin de.
Mar seo é an bealach an oibríonn rudaí.

Níl sé i bhfad aimsire ó foilsíodh tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Bhí muid ag fanacht ar sin sách fada agus ansin..tuairisc eile le cur ar na seilfeanna.

Nuair a bheas an Straitéis foilsithe beidh rud éigin eile le fanacht air.

Agus, agus agus fanann muid agus feiceann muid na Gaeltachtaí ag fáil bás.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!