tabhair freagratabhair freagra #1 Peadar Poncánach 7 Deireadh Fómhair 2010, 00:30 GMT
Gan amhras rinneadh dochar mór do shlainte geilleagair an domhain as Glass-Steagall a chur ar leataobh. Dochar nach dtuigeann Clinton fós, a déarfainn.

Ní amháin ag dírialú na hearnála airgeadais atá an damáiste déanta, ach fosta ag conarthaí saortrádala a scrios an infrastructúr an chomharsa Mheiriceá, Meicsiceo. Dar le coiste ollamh is eacnamaithe, thig leat cuid den ainriail na ndrug-tiarnai a chur i leith NAFTA, agus an dóigh a scrios an conradh sin tionscal agus talamhaíocht dhúchais Mheicsiceo. Shínigh Clinton an conradh sin i 1994.

http:/​/​nacla.org/​node/​4958

Ach bíodh i ndáirire. Téann an fhadhb seo i bhfad níos doimhne na fear amháin. Baineann sé le glúin iomlán—na Boomers insa S.A.M., (i.e., an ghlúin Mheiriceánach a rugadh idir 1946 agus 1964). Dá n-éisteoimis lena gcuid cainte, chreidfimis gur Hippies na heite clé a bhí iontu ar fad, ag saothrú ar son cearta daonna a bhí á séanadh ag an seanghlúin rompu, agus gurb iadsan a fuair lámh an uachtair ar fhorsaí seancheartchreidimh chun muidne uilig a shaorú.

Beag an baol. Ní i bhfad a bheas tú ag cuardú go dtí go bhfaighidh tú amach gurbh iad daoine as an seanghlúin rompu iad (i.e., “The Greatest Generation”) a raibh ina gcinn fheadhna ar achan dul chun cinn suntasach. John Fitzgerald Kennedy, Martin Luther King, Bobby Kennedy, an triúir is mó a luaitear leis an ghluaisteacht sin. Leag siad amach fís don todhcaí, fís de dhomhan nach mbeadh bunaithe ar fhéinmheas, ar fhaitíos, ar fhearg.

Táthar ann ar mhaith leo cur chun cuimhne gur fir mhóra an tsaibhris a bhí insna Kennedys; gur laghdaíodh an ráta cánach go mór faoi réim JFK, agus gur obair RFK i bhfóchair le Roy Cohn agus Joseph McCarthy agus iad ag iarraidh easaontóirí a scriosadh go pearsanta. Ach camastaíl, saobhadh a bheadh ann. Níor mhol JFK ach go gcuirfí an ráta b’airde cánach go dti 65%, agus chaith Bobby na blianta deiridh a shaoil ag cur in éadan go fíochmhar is go poiblí in éadan an Chogaidh Vietnam agus in éadan an chiníochais.

Ach dúnmharaíodh an triúir go léir. JFK i 1963, MLK agus Bobby i 1968. Agus cé hiad a ndeachaigh i gcomharbacht orthu? Duine as an ghlúin ba mhó riamh i stair Mheiriceá, a mbeadh olltionchar as achan cuimse acu? Níor tháinig. Tréigíodh na hídéalacha iontacha chun bás a fháil mar ainmhí gonta san fhásach.

Déanta na fírinne, chuaigh rudaí in olcas go tapaidh. I 1972, an chéad bhliain a bhí daoine d’ocht mbliana déag d’aois abálta vóta a chaitheamh don uachtaránacht, cé hé a thug na Boomers an craobh dó? Richard Millhouse Nixon, coirpeach na heite deise a sháraigh Bunreacht an SAM agus a d’admhaigh go poiblí gur sháraigh in agallamh le David Frost i 1977.

Agus ní i maitheas ach in olcas a chuaigh rudaí as sin amach. De réir a chéile thug na Boomers cead a gcinn don eite dheis ar fad; an eite chlé ag cur lena mí-iompair mar chomórtas, áfach, nach raibh siad abálta bua a fháil ann.

Le hinéacs amháin a chur i gcás, ó bhí Richard Nixon ina uachtarán, d’éirigh M3 (an tomhas airgid atá cuimsithe ag scaireanna, bondanna agus bánnaí eile á dtrádáil go poiblí) ó níos lú na 5% den soláthar airgid suas go dtí beagnach 40% in 2005, i réim George W. Bush, fear a rugadh in 1946.

Sin ceart. De réir an tomhais is déanaí ar sholáthar airgid an SAM, bunaíodh daichead pinghin ($0.40) as achan dollar ar ‘Draíocht an Mhargaidh’, mar a déarfadh Ronald Reagan, Poblachtánach aríst eile a bhí tofa ag na Boomers.

Ó, agus dála an scéil: Gan trácht ar an mhaithe a rinne Clinton féin ar son síochána sa Tuaisceart na hÉireann, is dual dúinn a choinneáil i gcéill gurbh é George Bush an t-athair a bhí ina uachtarán nuair a dearadh NAFTA agus go raibh an Comhthionól i nglac na heite deise nuair a rinneadh Glass-Steagall a chur ar leataobh.

Léigh beagán staire am inteacht. Is iontach an méid atá le foghlaim as.
tabhair freagratabhair freagra #2 Gavin 13 Deireadh Fómhair 2010, 13:51 GMT
Níor chuir Bill iachall orainn an borradh réadmhaoine a chothú. Ba muidine féin, idir bainceirí agus polaiteoirí agus an pobal a bhí chomh meallta le bheith ina milliúnai ina dtithí beaga, a rinne sin gan cuidiú ar bith ón t-Uasal Clinton
tabhair freagratabhair freagra #3 Peadar Poncánach 13 Deireadh Fómhair 2010, 18:29 GMT
@Gavin: Is fadhb dhomhanda é seo, agus sílim gur réiteach domhanda atá ag teastáil freisin. Beidh ar na rialtais teacht le chéile chun rialacha cuí cánach agus bancaireachta a chruthú, sa dóigh is nach dtiocfadh a leitheid a tharlú arist eile.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!