« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #15 john 12 Meán Fómhair 2010, 11:35 GMT
Ní raibh mise ag tabhairt amach faoin Ghaeilge, ach bhí mé ag cáineadh Frank Feighan ceart go leor. Níl sé sách maith do pholaiteoir atá gearr go maith don aireacht a bheith tíocht suas le scéimeanna áiféiseacha as pioc gaoithe a rith tríd a chloigeann. Cheap sé go mbeadh sé oiriúnach Gaeltacht a dhéanamh as Chliara do bharr go raibh sé “leath-bhealach idir Conamara agus Tír Chonaill”. Cén saghas seafóid é sin?
Má tá jab nua ag éinne, ba cheart ruainín beag taighde agus léamh a dhéanamh ar cén tslí a bhfuil rudaí faoi láthair, agus ar a laghad éisteacht le daoine atá cáilithe sa tsochtheangeolaíocht.
Agus bhí mé ag 'spalpadh Béarla' chun seans a thabhairt do Frank bocht mé a thuiscint.

Ceist agam ortsa “Fear Gaeltachta” - cén fáth go bhfuil do ag iarradh an Ghaeltacht a fhágáil agus imeacht go Cliara? Mar is ann a bheas tusa tú féin ag spalpadh Béarla le do chomharsana nua.
tabhair freagratabhair freagra #16 Fear Gaeltachta 12 Meán Fómhair 2010, 14:22 GMT
Díreach chun cur isteach ortsa a John.

Agus nár chuala mé daoine ag caint i nGaeilge ann?

Agus, de réir mo thuigbheáil, is iad an Comharchumann Chliara atá idir taobh thiar den scéim is a thiomáint.

Tugaim tacaíocht is cuidiú do gach dream atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.
tabhair freagratabhair freagra #17 john 12 Meán Fómhair 2010, 20:16 GMT
"Díreach chun cur isteach ortsa a John." Cuma liomsa cén poll a bheas tú i do chonaí.

"Agus nár chuala mé daoine ag caint i nGaeilge ann?" Chuala mise daoine ag caint i nGaeilge ar an Mullingar bus ach ní Gaeltacht í.

"Agus, de réir mo thuigbheáil, is iad an Comharchumann Chliara atá idir taobh thiar den scéim is a thiomáint." Bhuel go n-éirí leo. Cinnte, nuair a bheas obair na gcapall le déanamh ag iompú oileáin ina Gaeltacht, rud nar tharla araimh, ni bheidh Frank Feighan thart.

"Tugaim tacaíocht is cuidiú do gach dream atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn."
Táimid ar aon fhocal anseo.
tabhair freagratabhair freagra #18 Fear Gaeltachta - ach dóchasach 13 Meán Fómhair 2010, 09:36 GMT
Tá tú caoch leis an éadóchas a John. Is féidir rud ar bith. Tá mé sásta gur shocraigh muintir Thuath na bhFál chun neamhaird a dhéanamh ar na cancráin, ar lucht na hollscoileanna agus ar lucht an éadóchais.

Deirimise le daoine óga - déan neamhaird ar na seandaoine dóite seo - gabh chun tosaigh le dóchas is le fonn troda!
tabhair freagratabhair freagra #19 An Rógaire Dubh 15 Meán Fómhair 2010, 17:28 GMT
Tá áiteachaí atá iompaithe ar an nGaeilge ón mBéarla léithéidí Bóthar Seoige in Iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchair i dTuaisceart Contae Dhoire ach an difríocht idir siadsan agus an rud atá molta do Chliara ná is ón bpobal féin a d'eascair cinneadh iompú ar an nGaeilge agus sa chás seo sé an Chomharchumann atá ag moladh an phlean agus i mo thuairimse ní féidir malartú teangan a dhéanamh gan tacaíocht iomlán pobail a bheith agat nó toil an phobail rud nach bhfuil ann i gcás Oiléan Cliara. Níor tharla iompú teanga aon áit sna fiche sé chontae agus ní tharlóidh mar níl daoine tiomanta i ndáiríre don Ghaeilge. Tá Frank Feighan ag iarraidh dallmullóg a chur orainn mar níl aon Gaeilge aige agus is ceannlíne maithe é moladh Gaeltacht nua a chur chun cinn. Chun áit a ghaelú caithfidh déagóirí, daoine sna ficheadí agus na triochaidí cinneadh a dhéanamh Gaeilge amháin a labhairt le cairde agus go nádúrtha clainne a thógaint le Ghaeilge.Ciallaíonn sé sin go mbeidh daoine ag cur aithne ar a céile i nGaeilge agus as sin amach i gcónaí a bheith ag labhairt Gaeilge idir eathartu. Ansin bheadh athbheochan suntasach fud fad na tíre. Níor tharla a léithéid ach i mBéal Feirste. An bhfuil muid réidh?
tabhair freagratabhair freagra #20 john 15 Meán Fómhair 2010, 23:36 GMT
Tá ciall leis an méid atá scríofa agat, a' Rógaire Dubh.

Go hairithe, aithníonn tú go gcaithfidh an pobal i gcoitinne iompú ar an Ghaeilge le hais a bheith ag brath ar pháistí amháin. Beidh na páistí ag fágáil na scoile in imeacht aimsire agus ag dul isteach i saol an déagóir agus i saol an duine fásta. Mura bhfuil seans acu saol Gaelach a chaitheamh ag an am seo, is beag seans go mbeidh siad féin in ann páirtí le Gaeilge a fháil, agus clann a thógáil le Gaeilge. Caithfidh muid plé leis na fórsaí teanga uilig, agus ag an am céanna.

Níl muid réidh...fós.
tabhair freagratabhair freagra #21 David Walker 20 Meán Fómhair 2010, 22:21 GMT
Lean ar aghaidh leis an díospóireacht agus na smaointí, ba mhaith liom iad a chloisteáil. Tá Gaeilge á foghlaim agus á labhairt i Londain dá bhrí sin chaithfeadh sé easca an rud chéanna a dhéanamh ar an Oileán sin. Rud eile, níl an Gombeen Gobhermint le trustáil ar chor a bith.
tabhair freagratabhair freagra #22 Seán Ó Maonaigh 24 Meán Fómhair 2010, 16:27 GMT
> A Chiaráin a chara, Ba mhaith liom labhairt Gaeilge. ba mhaith liom
> maireachtáil in Éireann, ba mhaith liom an seans a bheith Éireannach agus
> Gaelach i freisin. Tabhair dom an seans. Níl an rialtas i ndairire i
> dtaobh an Ghaeilge, is í sin an fhírinne.

A chara táimid ar thairseach ré nua na gaeilge. Gan agó ar bith tá borradh ar siúil go mór mhór i measc déagóirí na tíre. Tá neart oibre ar siúil ar son na teanga ach adhmhaím féin go bhfuil an t-uafás fós le déanamh. ach diaidh ar ndiaidh feicim an tathbheochan seo agus le cúnamh dé beidh dearcadh dearfach ag formhór na ndaoine maidir leis an ngaeilge
tabhair freagratabhair freagra #23 Liam Mac Lochlainn 29 Meán Fómhair 2010, 21:01 GMT
In áit campa caomhnaithe Gaelach a chruthú, ba chóir d'Fhine Gael úsáid na Gaeilge a spreagadh ar fud na tire, ag tosú ina dteach fein, agus stádas níos airde a thabhairt don teanga. A mhalairt a rinne siad: chuir siad an Ghaeilge in áit na leathphingine faoi chúram Béarlóra.
tabhair freagratabhair freagra #24 D Phádraig 18 Eanáir 2012, 02:14 GMT
Dea-smaoineamh a bhéadh ann dá d'thiocfadh leofa Gaeilge na h-áite a thabhairt dhófa- ach níl sé sin á tarlú. Déanann sé sin an teanga níos 'iargúlta' do na dhaoine atá ag foghlaim í mar tádar ag foghlaim Gaouluinn Na Mumha nó Gaeilge Chonnnamara nó rud éicint mar sin. Caithfear stráitéis teangeolaích a bheith curtha ar bun acu chun an Ghaeilge a shábháilt i Maigh Eo sa mhéid. Tá sí go fóill mar teanga an phobail i gCeathrú Thaidhg agus fíorgaeltacht breá atá ann, ach, ní fháigheann sé aon tacaíocht ón Ollscoill i nGaillimh nó poiblíocht mar cheanntar Gaeltachta nó mórán chlúdach ó na meáin muna bfhuil sé bainteach le Shell Chun Sáille. Mar a chéile dho cheanntar na hEachléime, dada thíos ansin le chabhrú leofa. Cén leas a bhéas ann sa teanga nó athbheochaint í in aon choirneáil dhe Mhaigh Eo más rud é go bfhuil sí cainúint nach labhraíodh ann ariamh.
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!