« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #4 Eoin Mac an t-saoir 14 Meán Fómhair 2010, 17:09 GMT
Ó conspóideach cinnte dóibh siúd nach bhfuil greim daingean acu ar cad is ciall le Bunreacht agus Meiriceanáchais.

Ach b’fhéidir go bhfuil níos mó áidh orainne a bhfuil fuil na nGael ionann—tá cuimhneachán ar thábhacht na n-idéalacha sin fíte fuaite go dlúth sna snáithini ár gcorp, sa stair ár muintir. Thug na prionsabail caoinfhulangtha agus comhmheas ár sinsir slán ó bhaol an Ghorta Mhóir agus ó raic síorchogaíochta seictí. Níl seans ar bith ann go ndéanfaidh muidne dearmad ar na prionsabail sin san uair seo, tá an fiacha rómhór.

Agus tá an iliomad daoine uaisle againn ar féidir linn a beith bródúil astu freisin. Ní hamháin daoine cósúil le JFK a dúirt, “Ask not what your country can do for you, but ask what you can do for your country”, ach laochra nuachumtha fosta. Ar nós Colleen Kelly, deirfiúr Bill Kelly, Jr., a fuair bás ar 911, a dúirt, “. . . [the Islamic community center] is in many ways . . . a fitting tribute. This is the voice of Islam that I believe needs a wider audience. This is what moderate Islam is all about.”

http:/​/​latimesblogs.latimes.com/​washington/​2010/​08/​obama-boehner-ground-zero-mosque.html
tabhair freagratabhair freagra #5 Harp 14 Meán Fómhair 2010, 18:55 GMT
"the Islamic community center] is in many ways . . . a fitting tribute. This is the voice of Islam that I believe needs a wider audience. This is what moderate Islam is all about.”

Taibhreamh na súl oscailte!!
Tá coimhlint idir chultúir ann!
Ní measarthacht ar bith i ndlí Ioslamach!!
tabhair freagratabhair freagra #6 Eoin Mac an t-saoir 15 Meán Fómhair 2010, 00:04 GMT
Idir an té a bhfuil cultúr aige/​aici agus an té nach bhfuil? Sin ar an phort ceanna lena dúirt duine léannta go gairid ó shin.

http:/​/​www.csmonitor.com/​Commentary/​Global-Viewpoint/​2010/​0913/​Imam-Feisal-Abdul-Rauf-The-battle-is-not-Muslim-vs.-non-Muslim

Cuireann sin i gcéill domh rud eile a dúirt Meiriceánach clúiteach:

“Those who deny freedom to others, deserve it not for themselves; and, under a just God, can not long retain it.”*

*Abraham Lincoln, Letter to Henry L Pierce and others (6 April 1859)
tabhair freagratabhair freagra #7 Harp 15 Meán Fómhair 2010, 17:41 GMT
Cad an deireadh Abe tar éis an ionsaithe 9/​11??
Mar shampla: “ The Islamic fundamentalist terrorists want to take our Freedom from us!”

A chairde:Ná bígí chomh saonta le cat baile!!

Ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat liobrálach ag crónán!!
tabhair freagratabhair freagra #8 Eoin Mac an t-saoir 15 Meán Fómhair 2010, 18:35 GMT
Gan amhras go ndéarfadh seisean gur chóir dúinn ar n-aire a dhíriú orthsu a rinne na hionsaithe seachas am a chur amú ag dul salach ar dhaoine nach raibh ról ar bith iontu.

“When men take it in their heads to-day, to hang gamblers, or burn murderers, they should recollect, that, in the confusion usually attending such transactions, they will be as likely to hang or burn some one who is neither a gambler nor a murderer as one who is; and that, acting upon the example they set, the mob of to-morrow, may, and probably will, hang or burn some of them by the very same mistake. And not only so; the innocent, those who have ever set their faces against violations of law in every shape, alike with the guilty, fall victims to the ravages of mob law; and thus it goes on, step by step, till all the walls erected for the defense of the persons and property of individuals, are trodden down, and disregarded.”*

*Abraham Lincoln, “The Lyceum Address”, 27 Mí Eanáir 1838
tabhair freagratabhair freagra #9 Harp 16 Meán Fómhair 2010, 02:52 GMT
Eoin
Dá mbeadh “freangadh ama” ar fáil dom anois, ba mhaith liom dul ar ais go bhliain 1838…so that you and I could chat about the future of the world to come!!!...according to Abe Lincoln!!

Por favor, No más!!
tabhair freagratabhair freagra #10 MBM 19 Meán Fómhair 2010, 10:45 GMT
Tógfar é, agus beidh sé ann, agus beidh deireadh leis an chonspóid tar éis tamaill.
tabhair freagratabhair freagra #11 Seosamh 30 Meán Fómhair 2010, 04:21 GMT
B'fhéidir go dtógfaí an mosc seo agus b'fheidir nach dtógfaí. Creideann formhór na ndaoine atá ina choinne go bhfuil ceart dleathach ag daoine é a thógáil. Ni raibh sé sin i gceist ariamh. Tá 100 mosc i Nua-Eabhrac cheana a fhreastalaionn ar na Muslamaigh. Ba mhaith leis an dream seo an mosc a thógáil ann mar rinneadh ionsaí uafásach orainn in ainm an Ioslam ann, ni hionann leis na séipéil, teampaill agus sionagógaí sa chomharsanacht a tógadh roimhe agus nach bhfuil aon bhaint acu leis an ionsaí (seachas gur scriosadh eaglais ar an lá úd). Creideann an cineál duine atá i bhfabhar an mhosc gur tharla 9/​11 mar nár thuig muidne na Muslamaigh agus sin an "teachtaireacht" a bheas á chraolscaoladh as. Tá a fhios againn, áfach, gur tharla 9/​11 mar thuig cuid de na Muslamaigh muidne go rímhaith. Níl aon chaint ar aithreachas i gceist anseo--mar a bhí sa chlochar Caitliceach a tógadh in aice le hAuschwitz. Cuireadh an clochar úd ar ceal, mar sin féin, teann measa ar mhothucháin an dream a d'fhulaing ann. Níl aon mheas den sórt sin le feiceáil i gcás an mosc, ach teanntas.
tabhair freagratabhair freagra #12 Eoin Mac an t-Saoir 30 Meán Fómhair 2010, 16:04 GMT
Ní ceart d’éinne neamhaird a dhéanamh ar bhuandlí na saoirse ar son rud chomh sealadach le mothúchán. Athrófar dearcaidh roimh i bhfad. Déanfar na haigní a leathnadh. Ní bheidh stad riamh leis an Rotha Mór an tSaoil.
tabhair freagratabhair freagra #13 Seosamh 5 Deireadh Fómhair 2010, 17:16 GMT
Ní hé sin an fhadhb, dar liom -- go bhfuil aigní cúnga againn chomh maith le mothúcháin a cheaptar a bheith neamhliobrálach (ach a laghdófaidh le himeacht aimsire). Is í an cheist ná an nglacfaidh muid le dearcadh atá i bhfad róshimpl nó an le dearcadh níos cruinne caolchúisí. Seo cupla ábhar machnaimh do dhaoine a rith liom: 1. In Haledon, baile beag sa cheantar (sa chomharsanacht!) ina bhfuil O Broin ag teagasc, bhí dhá shuíochán ar chomhairle an bhaile ar oscailt tá bliain nó dhó ó shin. Sheas beirt Mhuslamach sa toghchán dóibh. Ní mar bhaill den Pháirtí Dhaonlathach, ach mar bhaill den Pháirtí Phoblachtach, na Republicans atá i gcoinne na Muslamach má's fíor a gcuirtear ina leith. 2. Léigh mé ar na mallaibh gearánta ó mhná ón Iaráin atá ag troid ar son níos mo saoirse ón chos ar a mbolg. Ní chaitheann siad na fiailí agus ceannbhearta--mar chuid den phróiseas saortha--ach muna ndéanann, ní thig leo, dar leo féin, éisteacht intleachtoirí an Iarthair a tharraingt mar ceapann siad seo gur gá dluthpháirtíocht a dhéanamh leis na radacaigh Mhuslamacha chun cothrom na féinne a bhaint amach.

Tá mé i ndiaidh 'bheith páirteach in conference call, agallamh le Ayan Hirsi Ali. Molaim a bhfuil scríofa aici, chomh maith leis an leabhar atá á léamh anois agam--The Flight of the Intellectuals le Paul Berman. Le meas
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!