tabhair freagratabhair freagra #1 Seán 3 Lúnasa 2010, 10:59 GMT
Tá cruinneas na Gaeilge tábhachtach gan amhras ar bith. Tá go leor deacrachtaí ag foghlaimeoirí gan a bheith ag éisteacht le botún chomh simplí le haidiacht gan séimhiú i ndiaidh ainmfhocal baininscneach. Silim go bhfuil sé tábhachtach gan a bheith ag cur brú ar fhoghlaimeoirí mura bhfuil a gcuid Gaeilge róchruinn ach níl leithscéal ar bith ag na craoltóirí. Is mór an trua nach bhfuil ar gcraoltóirí ina bhfoinsí údarásaí agus is léir nach bhfuil.

Ó thaobh cruinnis de áfach, thug mé faoi deara go bhfuil an leabhar ‘Forbairt na Gaeilge’ sa ghrianghraif thuas. Scríobh Niall Ó Dónaill an leabhar seo agus más buan mo chuimhne ní leabhar gramadaí atá ann.
tabhair freagratabhair freagra #2 Eoin Mac an t-saoir 6 Lúnasa 2010, 17:23 GMT
Níl aon chaint faoi athchaighdeánu an Bhéarla ós rud é go bhfuil míorúiltí mígrammadúla ar nós Sarah Palin ar an fhód:

“I utterly refudiate the necessitation for such dramatitastical measures.”

(Óicé, is mise a chum an tseoid thuas. Ach luíonn se leis an spiorad céanna).

Ach, déanta na fírinne, is cuid lárnach iad na botúin de cad is brí le ‘daonna’. Tá a fhios ag Dia nach mbeadh mórán againn saolaithe féin murach botún inteacht, rud a léiríodh go flúirseach cheana sa teaghlach Palin.
tabhair freagratabhair freagra #3 Daithí 7 Lúnasa 2010, 22:18 GMT
Níl athrú ó thaobh an gramadaigh de dhíth orainn ach athrú stíl múinteoireachta. Fágaimid go léir an méanscoil, tar éis 13 bliana d'oideachais & ní féidir le triomlach an dhaonra ach cúpla abairt a chur le chéile. Gan amhras tá gramadach na Gaeilge dúshlánach, ach nár chóir é sin bheith ina chuspóir do dhaoine é a chloí. Bheadh, dá mbeadh córas oideachais imleor, sásúil ann. Tar éís 13 bliana, cé mhéad daoine gur féidir leo ach an corr-abairt a chur le chéile seachas "an bhféidir liom dul amach go dtí an leithreas, más é do thoil é?" Is cúis náire í don Roinn Oideachais & dúinnse mar ligeamar é a tharlú.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!