tabhair freagratabhair freagra #1 An Cainteoir Dóchais 3 Lúnasa 2010, 09:54 GMT
Tá míniú suimiúil anseo ar na dóigh ar éirigh leis na "spiairí" fáil away leis an chur i gcéill agus blas láidir Rúiseach ar a gcuid cainte: http:/​/​languagelog.ldc.upenn.edu/​nll/​?p=2433

Maidir leis an cheist, an raibh sna daoine seo ach scadáin dhearga chun aird na n-údarás a mhealladh ó na fíorspiairí áit éigin eile, tá mé go mór den tuairim gurb amhlaidh atá. Cuma cad a cheapann tú faoi sheirbhísí rúnda na Rúise, tá rud amháin cinnte: níl siad dúr.
tabhair freagratabhair freagra #2 Eoin Mac an t-saoir 3 Lúnasa 2010, 20:48 GMT
Alt ar fheabhas ar fad, faoi ábhar suimiúil. Ach, tá mé den tuairim gur bómáin a bhí iontu ar fad mar spiairí.

Tá mé cúpla míonna tar éis an leabhar “Comrade J”, le Pete Early, a léamh. Déanann sé cur síos ar an réim Sergei Tretyakov mar cheannaire spiareachta don SVR i Nua Eabhrach, díreach tar éis titim an USSR. Mhalartaigh Sergei a dhílseacht sa deireadh de bharr, i bpairt, na déistine a bhain míghairmiúlacht an SVR dó. Dar leisean, i ndiaidh do Chaipilteachas a fháil lámh an uachtair ar an stát chomh hiomlán sin, chaill na gníomhairí an SVR a misneach, agus chuaigh beagnach chuile dhuine a raibh aon fhiúntas ann leis an earnáil phríobhoideach le go mbaine siad a gconách. Ní raibh fágtha ina ndiaidh ach bómáin gan mhaithe agus lucht an óil.

Só, b’fhéidir go mbaineann baol leis an Chaipilteachas radacach chomh maith leis na geilleagair phleannáilte.

http:/​/​en.wikipedia.org/​wiki/​Sergei_Tretyakov_(intelligence_officer)
tabhair freagratabhair freagra #3 An Cainteoir Dóchais 4 Lúnasa 2010, 09:53 GMT
An Rúis, gan seirbhís rúnda den scoth aici? Dochreidte!
tabhair freagratabhair freagra #4 Eoin Mac an t-saoir 5 Lúnasa 2010, 16:33 GMT
Bhuel, chomh fada siar agus a d’amharc mé ar stair dhomhanda, tír ar bith agus na tíorthaí uilig, bíonn féith na scigdhrámaíochta ann direach chomh lárnach le féith na tragóide. Ní hé ceist dá bheith amaideach nó cliste, ach a bheith amaideach nó níos amaidí. Nach cuimhin leat an eachtra Curve Ball sa ré Sceich Óg?

http:/​/​en.wikipedia.org/​wiki/​Curveball_(informant)

Ní cuimhin liom más seanfhocal na Rúise é seo, no más as Tuairsceart na Cóiré a tháinig sé, nó b’fhéidir gurb é Dick Cheney a dúirt é seo den chéad uair, ach tá mana ann a thaitníos go mór le daoine ar maith leo a gcois a chur ar bhoilg daoine eile:

“Mura bhfuil tú glic, caithfidh tú a bheith láidir.”
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!