tabhair freagratabhair freagra #1 Josie 7 Lúnasa 2010, 09:01 GMT
Alt suimiúil. An bhfuil formhór de chainteoirí Gaeilge na hAlban ina gcainteoirí dúchais?
tabhair freagratabhair freagra #2 An Gaeilgeoir mór 14 Lúnasa 2010, 13:25 GMT
Tá difrocht lá is oiche idir an da theanga
tabhair freagratabhair freagra #3 Liam Mac Lochlainn 24 Lúnasa 2010, 09:08 GMT
Comhghairdeas, a Bhreandáin. Sár-alt eile. Tá na naisc thar a bheith suimiúil.
tabhair freagratabhair freagra #4 Ciarán Mac Aonghusa 25 Lúnasa 2010, 17:02 GMT
Alt fíor-spéisiúil a Bhreandáin. (Ar an drochuair) ní féidir a rá go bhfuil an Ghaeilge ag croí-lár chultúr na hÉireann, ach mar sin féin, tá sí le cluinstean agus le feiceáil go forleathan agus go minic. Tá macalla na Gaeilge fós beo i gconsias an phobail: tá buntuiscint ag cuid mhór daoine ar an teanga, (ar a laghad aithnítear í), agus tá leagan den scéal faoi mheath na Gaeilge de thoradh an choilínithe (bíodh an leagan sin dílis don fhírinne nó na bíodh) ag an phobal. Tá áit shuntasach ag an teanga i ndíospóireacht an 'naisiúin'. Is cosúil nach bhfuil an scéal amhlaidh in Albain. Feictear domsa go bhfuil difir mhór idir an chaoi ar bhuail domhain an Bhéarla in aghaigh dhomhain na Gaeilge agus an chaoi ar bhuail sé in aghaidh domhain na Gàidhlige. I mbeagán focal, b'éagosúil iad stair na hAlban agus na hÉireann ó thaobh cúrsaí culturtha agus creidimh de. Ar aon nós, tá cás na Gàidhlige an-suimiúil go deo.
tabhair freagratabhair freagra #5 David Walker 1 Meán Fómhair 2010, 22:30 GMT
Bhí BBC Alba agam agus d'fheach mé air ach caithfidh mé a rá ní raibh sé ró-mhaith. Bhí na chláracha giota beag leadránach agus usáideann siad an Bearlá ró-mhinic. Mar sin féin, bhí sé deas le feicáil.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!