tabhair freagratabhair freagra #1 Micilín 2 Iúil 2010, 13:35 GMT
Hm... Bheadh sé le tuiscint as an alt seo go gceapann an t-údar gur maith an rud é ambasáidí a dhó!
tabhair freagratabhair freagra #2 Conallach 2 Iúil 2010, 20:59 GMT
Caidé a thug ort sin a rá ?
tabhair freagratabhair freagra #3 Bleá Cliathach 2 Iúil 2010, 23:40 GMT
A Mhicilín, dúirt sé gur thug sé faoiseamh áirithe dóibh síud a bhí láthair. Ní hionann sin agus a rá gur maith an rud é.
tabhair freagratabhair freagra #4 Micilín 3 Iúil 2010, 12:18 GMT
Tá a fhios agam sin. Sin an fáth a ndúirt mé go mbeadh sé "le tuiscint as" seachas go "ndúirt" sé é.

Cén fáth a mbeadh sé le tuiscint as? De ghnách, nuair a bhíonn eachtra fhoréigneach á lua ag daoine, cuireann siad foclaíocht dhiúltach leis, focail ar nós "uafásach", "díomá", "brónach" agus a leithéidí. Is geall le coinbhinsiún sóisialta é sin. Níor lean a t-údar an coinbhinsiún, rud a chothaigh an tuiscint sin agamsa.
tabhair freagratabhair freagra #5 Bleá Cliathach 4 Iúil 2010, 22:51 GMT
Ní réasúnta an duine i gcónaí
tabhair freagratabhair freagra #6 Séamus Mac Seáin 6 Iúil 2010, 17:39 GMT
alt faoi mharú 14 duine agus tá Micilín buartha faoi loscadh na hambásáide. Is áit an mac an saol. ar scor ar bith tathar ann a deir gur d'aon ghnó a lig an Rialtas na dóighteoirí a fhad leis an fhoirgneamh nó laghdaigh sé an fiach fola a bhí sn aer ag an am. agus sinn ag amharc siar air is dócha go raibh an ceart acu.
tabhair freagratabhair freagra #7 Bleá Cliathach 9 Iúil 2010, 11:32 GMT
Chreidfinn é sin Séamus agus baol ciréibe ann
tabhair freagratabhair freagra #8 Séimí Rua 9 Iúil 2010, 12:04 GMT
Tá sibh ag fógairt go bhfuil painéal aistritheoirí le hearcú ag FnaG don fhoclóir. Tá an fógra sin bliain as dáta. Bhí an spriocdháta ann i Meán Fómhair 2009.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!