tabhair freagratabhair freagra #1 Mícheál de Barra 2 Iúil 2012, 14:22 GMT
Bhí an-áthas orm d'alt faoi chomoradh Éirí Amach Fhíodh na gCaor agus Eachtraí an Eureka Stockade a léamh ar an idirlíon inniu. Is beag eolas atá ag Éireannaigh sa bhaile in Éirinn faoin dá eachtra stairiúil úd sa Domhan Theas. Tá leabhar beag scríofa agam i nGaeilge faoin Eureka Stockade - nó faoin ról a ghlac na Gaeil, go háirithe muintir an Chláir, ann - seolta agam chuig na foilsitheoirí. Tá súil agam go mbeidh sé i gcló roimh dheireadh na bliana. Chaitheas tamall i mBallarat ar chamchuairt timpeall na hAstráile. Beir beannacht, Mícheál de Barra
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!